Site logo

An Beartas Oibre ón mBaile

 

Cuspóir

Ag Glór na nGael, is í an obair ón mbaile an gnáthmhodh oibre, mura ndeirtear a mhalairt i do Chonradh Fostaíochta. Clúdaíonn an beartas seo na coimircí a chaithfear a chur i bhfeidhm agus na socruithe praiticiúla a fhágfaidh go n-éireoidh leis an obair ón mbaile. Ní cuid de do chonradh fostaíochta é an beartas seo, agus d’fhéadfaimis é a nuashonrú am ar bith.

Raon Feidhme an Bheartais

Sa chás nach bhfuil tú ag obair ón mbaile go huathoibríoch, breithneoidh Glór na nGael iarratas ar obair ón mbaile faoin mbeartas seo más Comhalta Foirne thú ar éirigh leat sa tréimhse phromhaidh agus a chur an oiliúint riachtanach ar fad i gcrích, nó sa chás gur athrú réasúnta í an obair ón mbaile faoin Acht um Chomhionannas 2010. De bharr an chineáil róil atá agat agus na riachtanas oibríochta, b’fhéidir nach mbeifeá incháilithe le haghaidh oibriú ón mbaile. 

Féadfaidh comhaltaí foirne iarratas a chur isteach ar oifig a fháil ar cíos nó leas a bhaint as deasc shealaíochta mura bhfuil obair ón mbaile indéanta, agus déanfaidh Glór na nGael measúnú ar an iarratas sin.

Beidh ort freisin na tréithe pearsanta agus na scileanna a bheith agat a fhágann gur cheart go mbeifeá in ann do chuid oibre a dhéanamh go héifeachtach ón mbaile. Mar shampla:

Cuirfear san áireamh, agus muid ag déanamh aon chinneadh, do thaifead pearsanta, lena n-áirítear d’iompar agus do leibhéil feidhmíochta le deireanaí agus aon rabhaidh nach bhfuil imithe in éag fós. Caithfidh do thimpeallacht bhaile a bheith oiriúnach don obair ón mbaile. Áirítear leis sin limistéar oibre a bheith agat, agus nasc idirlín réasúnta láidir.

 

Beartas 

Ciallaíonn obair ón mbaile oibriú ón mbaile ó am go chéile, go sealadach nó go buan. D’fhéadfadh gur lá amháin sonrach a bheadh i gceist. D’fhéadfadh gur patrún nua é ina n-oibrítear sa bhaile cuid den am. D’fhéadfadh gur oibriú ón mbaile i gcónaí é ar feadh tréimhse chinnte nó gan chríoch. 

Ní fhágann obair ón mbaile go bhfuil sé de cheart agat a chinneadh cén uair agus cén chaoi a n-oibríonn tú. Níl i gceist ach go ndéanann tú do phost ón mbaile. Beidh feidhm fós ag d’oibleagáidí conartha, lena n-áirítear do chroí-uaireanta oibre. 

 

Obair ón mbaile ó am go chéile

Tá cúiseanna éagsúla ann a d’fhágfadh gur mhaith leat nó go mbeadh ort oibriú ón mbaile ar lá faoi leith nó ar feadh tréimhse ghairid. D’fhéadfaí a áireamh leo siúd:

Ní dhíríonn an beartas seo ar obair ón mbaile ó am go chéile. Tá sé d’aidhm leis plé le socruithe oibre ón mbaile a athraíonn do ‘áit oibre’ chonartha. 

 

Obair ón mbaile a athraíonn do ‘áit oibre’

Tarlaíonn sé seo nuair a aontaíonn tú socrú nua oibre leis an Eagraíocht. Bíonn d’áit chónaithe in úsáid agat mar bhunáit oibre ar feadh cuid den tseachtain/mhí ar a laghad, go sealadach nó go buan.

 

Critéir Incháilitheachta

Bíonn gá le hobair ón mbaile ó am go chéile a eagrú ar ghearrfhógra go hiondúil. B’fhéidir go dteastódh sé mar gur dhúisigh do pháiste tinn (sa chás sin ba cheart a mheas an mb’fhearr leas a bhaint as do cheart am saor a thógáil chun aire a thabhairt do chleithiúnach), nó go mb’fhearr fanacht sa bhaile mar gheall ar dhrochaimsir. I gcásanna dá leithéid, ba cheart duit dul i dteagmháil le do Bhainisteoir Líne a luaithe a cheapann tú go mbeidh ort oibriú ón mbaile. Cinnfidh siadsan an obair ón mbaile a cheadú nó gan a cheadú sna cúinsí sin.

Tá sé tábhachtach go mbeadh dóthain ama ag an Eagraíocht chun d’iarratas a mheas i gceart, mar sin seol aon iarratas chugainn i bhfad sular mhaith leat go dtosódh an obair ón mbaile. 

 

Céard ba cheart dom a chur ar m’iarratas?

Tabhair a oiread sonraí agus is féidir don Eagraíocht faoin socrú oibre ón mbaile atá á mholadh agat. Go háirithe: 

Má chreideann tú gur oiriúnú réasúnta a bheadh in obair ón mbaile faoin Acht um Chomhionannas 2010, ba cheart duit é sin a rá linn agus an chúis a thabhairt. 

 

Nuair a fhaigheann Glór na nGael d’iarratas

Buailfidh Glór na nGael leat a luaithe agus is féidir chun do mholadh go n-oibreofá ón mbaile a phlé. D’fhéadfadh go dteastódh ó Ghlór na nGael measúnú riosca ar chosaint sonraí a dhéanamh freisin sula gcinnfí comhaontú nó gan comhaontú leis an obair ón mbaile.

Scríobhfaidh Glór na nGael chugat lena rá leat an aontaíonn nó nach n-aontaímid leis an obair ón mbaile. Breithnítear gach iarratas ar a fhiúntas féin. Fiú má cheadaíomar iarratas dá leithéid roimhe sin, ní gá don Eagraíocht é a dhéanamh arís sa todhchaí.

Má cheadaítear d’iarratas, d’fhéadfadh go dteastódh ó Ghlór na nGael go ndéanfaidh tréimhse thrialach ar dtús. Mura n-éiríonn leis an tréimhse thrialach sin, d’fhéadfadh go mbeadh ort filleadh ar an bpost conartha a bhíodh agat, mura gcomhaontaítear socrú éigin eile. 

Má tá tú míshásta gur diúltaíodh do d’iarratas faoin mbeartas seo, ba cheart duit scríobh chuig do Bhainisteoir Líne laistigh de chúig lá oibre dár gcinneadh, agus na cúiseanna leis sin a mhíniú. 

 

An obair ón mbaile a bhunú

Maoin agus trealamh

Tabharfaidh Glór na nGael cuid de na rudaí a theastóidh uait chun do phost a dhéanamh i gceart agus go sábháilte ón mbaile ar iasacht duit. D’fhéadfaí a áireamh leis sin stáiseanóireacht/ríomhaire glúine/ríomhaire deisce agus cathaoir/comhadchaibinéad slán/stiallaire/fón póca/líne ghutháin thiomanta. Iarrfaidh an Eagraíocht ort íoc as costas aon suiteálacha a theastaíonn, ar nós naisc leathanbhanda. 

Caithfidh tú aire mhaith a thabhairt d’aon rud a thugaimid ar iasacht duit agus é a thabhairt ar ais dúinn nuair a iarrtar sin.  

Má tá sé i gceist agat úsáid a bhaint as aon trealamh pearsanta don obair ón mbaile, ar nós ríomhaire, caithfidh tú é a sheiceáil le Glór na nGael ar dtús. Beidh ar an Eagraíocht a chinntiú go bhfuil sé oiriúnach. Aon trealamh pearsanta a aontaímid go n-úsáidfeá, is tú atá freagrach as fós, mar sin bheadh ortsa íoc as costais ar nós deisiúchán. 

 

Morgáiste, léas agus árachas

Tá tú freagrach as a chinntiú nach gcuirtear srian ná cosc ar d’áit chónaithe a úsáid don obair de réir do mhorgáiste nó léasa agus d’árachais baile. 

Ba cheart duit aon athruithe a theastódh ar do pholasaí a phlé le d’árachóir baile chun a chinntiú go bhfuil tú go hiomlán cosanta agus tú ag obair ón mbaile. Tá tú freagrach as aon phréimheanna breise nó má mhéadaíonn do phréimh mar gheall ar aon athrú breise.

 

Obair ón mbaile a bhainistiú

Tá Comhaltaí Foirne a oibríonn ón mbaile faoi réir na rialacha, na nósanna imeachta agus an chaighdeáin iompair agus feidhmíochta lena mbíonn súil díreach mar a bheadh gach Comhalta Foirne

eile. Tá oibleagáidí, dualgais agus freagrachtaí conartha fós i bhfeidhm, faoi mar atá ár mbeartais don ionad oibre.

Teastaíonn ó Ghlór na nGael go bhfanfá chomh páirteach agus is féidir inár ngnó agus ár ngníomhaíochtaí agus tú ag obair ón mbaile. Áirítear leis sin fáil a bheith agat ar nuacht, imeachtaí agus tairbhí na heagraíochta, chomh maith le deiseanna le haghaidh forbairt, oiliúint agus ardú céime gairmiúil.

Beimid i dteagmháil rialta leat i rith na hoibre ón mbaile ar an bhfón, ríomhphost, fís-chomhdhálacha agus cruinnithe duine le duine.

Má mhothaíonn tú scoite, fágtha ar lár, nó go bhfuil treoir nó tacaíocht in easnamh, ba cheart duit é sin a phlé leis an mBainisteoir Líne.  

Má chuireann fadhb TF nó fadhb eile cosc ort oibriú go héifeachtach ón mbaile, ba cheart duit dul i dteagmháil leis an mBainisteoir Líne láithreach bonn. B’fhéidir go mbeadh ort teacht isteach go dtí an obair go dtí go réitítear an fhadhb. 

Mura bhfuil tú in ann oibriú ar lá oibre ón mbaile mar gheall ar thinneas nó gortú, caithfidh tú cloí leis an nós imeachta a leagtar amach inár mBeartas Bainistíochta Asláithreachta. 

 

Speansais

Cúiteoidh Glór na nGael thú as do chostais réasúnta phostais, fótachóipeála, phriontála agus do chostais réasúnta taistil i leith cruinnithe linne agus le cliaint/custaiméirí.

Ba cheart duit d’fhoirm éilimh ar speansais a sheoladh chuig an mBainisteoir Líne ar ríomhphost faoi dheireadh gach míosa. 

 

Sláinte agus sábháilteacht

D’fhéadfaimis tabhairt faoi mheasúnuithe riosca sláinte agus sábháilteachta ó am go chéile ar d’obair ón mbaile, chomh maith le seiceálacha cothabhála agus tástálacha leictreacha.

Tá sé de fhreagracht ortsa aire réasúnta a thabhairt. Má tá tú buartha faoi chúrsaí sláinte agus sábháilteachta ar bith, nó má tharlaíonn timpiste nó eachtra, caithfidh tú é a thuairisciú láithreach don Bhainisteoir Líne de réir ár mBeartais Sláinte agus Sábháilteachta. 

Ní bheidh sé oiriúnach go hiondúil cruinnithe oibre a reáchtáil le cliaint/custaiméirí i d’áit chónaithe, ná sonraí pearsanta a roinnt leo amhail do sheoladh baile. Má tá tú éiginnte faoin aon ghné de sin, téigh i dteagmháil leis an mBainisteoir Líne.

 

Slándáil, Rúndacht agus Cosaint Sonraí

Caithfear cloí lenár n-ardchaighdeáin i gcónaí. Ba cheart duit eolas a chur ar ár mBeartas Cosanta Sonraí go háirithe. 

Déanfar measúnuithe riosca ar chosaint sonraí ó am go chéile. 

Níl cead ach trealamh a d’údaraíomar a úsáid don obair ón mbaile.

Aon uair a iarrtar ort nuashonrú dlisteanach a shuiteáil ar do ríomhaire nó ar threalamh eile, caithfidh tú é a dhéanamh láithreach bonn. 

Caithfidh tú aon sárú iarbhír nó féideartha ar shlándáil, rúndacht nó cosaint sonraí a thuairisciú don Bhainisteoir Líne láithreach.

Má tá tú éiginnte faoin aon ghné de shlándáil, rúndacht nó cosaint sonraí, caithfidh tú labhairt leis an mBainisteoir Líne.

 

Críoch a chur leis an socrú oibre ón mbaile

Má theastaíonn uait críoch a chur le d’obair ón mbaile, ba cheart duit labhairt leis an mBainisteoir Líne.

D’fhéadfaimis a chinneadh críoch a chur le do shocrú oibre ón mbaile ar fhógra réasúnta má cheapaimid nach bhfuil ag éirí leis mar ba cheart, nó go bhfuil sé neamhoiriúnach nó go mbeidh sé neamhoiriúnach go gairid.

Má tá an obair ón mbaile neamhoiriúnach mar gheall ar d’iompar nó feidhmíocht, féadaimid an socrú oibre ón mbaile a chríochnú láithreach agus a éileamh ort filleadh ar an ngnáthionad oibre.  D’fhéadfaimis ár mBeartas Smachta nó ár mBeartas Cóitseála Feidhmíochta a chur i bhfeidhm, agus d’fhéadfaí thú a chur ar fionraí agus/nó thú a bhriseadh as do phost mar gheall air sin.