Is é cuspóir an pholasaí seo forléargas a thabhairt ar sheasamh Glór na nGael maidir le ham saor a cheadú in ionad uaireanta breise a oibríodh.
RAON
Tá feidhm leis an bpolasaí seo i leith Fhostaithe uile Ghlór na nGael.
POLASAÍ
Féadfar am saor in lieu a shainmhíniú mar shuim ama a aontaíonn fostaí agus an Ceannasaí nó an Bainisteoir líne ar féidir é a ghlacadh mar chúiteamh ar aon am breise ar treoraíodh d’fhostaí a oibriú lasmuigh de na huaireanta conradh atá acu.
Ní mór am saor in lieu a ghlacadh ag am atá aontaithe idir an fhostaí atá i gceist agus an bainisteoir líne. Ní íocfaidh an eagraíocht am carntha in lieu nuair a éiríonn fostaí as a bheith ag obair leis an eagraíocht.
Ba chóir am saor in lieu a ghlacadh sa mhí chéanna inar carnadh é, gan é a thabhairt ar aghaidh ó mhí go mí; mura bhfuil sé seo indéanta, ní mór é a ghlacadh an mhí dár gcionn agus uasmhéid de 8 uair a chloig a cheadaítear iompú chun tosaigh, ó mhí go mí.
Measfar am saor in lieu a carnadh agus nár glacadh a bheith caillte.
NÓS IMEACHTA
Is gá réamhchead a fháil ón gCeannasaí nó ón mBainisteoir líne chun tabhairt faoi obair bhreise a bheidh am saor in lieu mar thoradh aici.
Ba chóir fógra réasúnta a thabhairt don Cheannasaí nó don Bhainisteoir líne nuair atá am saor in lieu le glacadh.