Léiríonn an polasaí seo go bhfuil Glór na nGael ag comhlíonadh na bhforálacha san Acht um Eagrú Ama Oibre, 1997, ó dheas agus Na Rialacháin Ama Oibre (TÉ) 1998 ó thuaidh ar forálacha iad a bhaineann le ham oibre, le tréimhsí sosa agus le bristí oibre. Cosnaíonn an polasaí freisin cearta an fhostaí arna leagan amach sa reachtaíocht seo d’fhonn a chinntiú nach sáraítear iad.
Tá feidhm ag an bpolasaí seo i leith na bhfostaithe uile.
Beidh gnáthuaireanta oibre ann de réir théarmaí agus choinníollacha na fostaíochta, Luan go Déardaoin 9.00r.n. – 5.15i.n. agus Dé hAoine 9.00r.n. – 1.00i.n.. Ó am go chéile aithnítear go bhféadfaí a éileamh ar fhostaithe obair a dhéanamh sa bhreis ar na huaireanta sin d’fhonn riachtanais ghnó a chomhlíonadh. Tá an eagraíocht tiomanta, ámh, a chinntiú nach n-oibríonn aon fhostaí níos mó ná an mheánseachtain uasta oibre, a cinneadh san Acht um Eagrú Ama Oibre, 1997 ó dheas agus Na Rialacháin Ama Oibre (TÉ) 1998 ó thuaidh. Tá tú i dteideal leathuair de bhriseadh lóin a bheith agat. Tá tú i dteideal freisin 2 bhriseadh de 15 nóiméad an ceann a thógáil, ceann ar maidin agus an ceann eile sa tráthnóna. Tá sé ina pholasaí ag an eagraíocht a chinntiú go dtugtar an deis do gach fostaí a n-íosteidlíochtaí sosa laethúla agus seachtainiúla a thógáil de réir an Achta um Eagrú Ama Oibre, 1997 ó dheas agus Na Rialacháin Ama Oibre (TÉ) 1998 ó thuaidh. Ní ceadmhach sosanna a sceidealú do thús ná do dheireadh an lae oibre rud a thabharfadh lá oibre níos giorra don fhostaí.
I gcás go mbeadh fiosrúchán ag fostaí i ndáil lena n-uaireanta oibre, lena mbristí nó lena dtréimhsí sosa, nó i gcás nach raibh siad ábalta leas a bhaint astu sin, ba chóir é sin a chur i bhfios don Bhainisteoir líne nó don Bhainisteoir Acmhainní Daonna, nó é a tharraingt anuas trí nós imeachta gearáin na heagraíochta.