Site logo

AISÍOC AR SPEANSAIS TAISTIL CHOMAITÉARA

 

CUSPÓIR

Is é cuspóir an pholasaí seo forléargas a thabhairt ar pholasaí Ghlór na nGael maidir le Speansais Chomaitéireachta.

 

RAON

Tá feidhm ag an bpolasaí seo i leith fhostaithe uile Ghlór na nGael.

 

POLASAÍ

Is féidir le Fostaithe leas a bhaint as Ticéid Chomaitéireachta Sábháil Chánach ó Iarnród Éireann / Bhus Átha Cliath. Cuireann na ticéid seo ar chumas an Fhostóra sochair taistil saor ó cháin 47% a fháil agus déanann na heagraíochta coigilteas ÁSPC de suas le 10.75%. Íocfaidh Glór na nGael as an ticéad comaitéireachta míosúil nó bliantúil roimh ré agus déanfar asbhaintí ansin as pá míosúil an fhostaí.

 

Chun leas a bhaint as an sochar seo ní mór d’fhostaithe iarratas a dhéanamh ar ríomhphost chuig an mBainisteoir Acmhainní Daonna nó chuig an mBainisteoir líne. Is faoi rogha na Bainistíochta atá sé an t-iarratas a cheadú.