Tá sé de cheart ag gach bean dul ar shaoire mháithreachais a mhairfidh suas le 52 seachtain:
26 seachtain de Ghnáthshaoire Mháithreachais
26 seachtain de Shaoire Mháithreachais Bhreise
Pá
An chéad 26 seachtain ag 100% de do mheántuilleamh seachtainiúil comhlán, gan aon uasteorainn
Na 13 seachtaine atá fágtha ar Phá Reachtúil Máithreachais, agus 13 seachtaine gan phá.
Saoire Atharthachta
Táthar i dteideal dhá sheachtain de shaoire atharthachta.
Íoctar pá an dá sheachtain as a chéile sin.
Saoire Uchtaithe
52 seachtain de Shaoire Reachtúil Uchtaithe;
Cuimsíonn sé sin 26 seachtain de ghnáthshaoire uchtaithe agus ansin 26 seachtain de shaoire bhreise uchtaithe ina dhiaidh sin;
Na coinníollacha pá céanna le saoire mháithreachais i bhfeidhm
Saoire do Thuismitheoirí
Tugann saoire do thuismitheoirí deis do thuismitheoirí a oibríonn am saor gan phá a thógáil ón obair chun aire a thabhairt do pháiste nó socruithe a dhéanamh dá leas.
Féadfaidh gach tuismitheoir dul ar shaoire do thuismitheoirí ar feadh 18 seachtaine le haghaidh gach páiste suas go dtí a 18ú breithlá.
Saoire do Thuismitheoirí Chomhroinnte
Tugann Saoire do Thuismitheoirí Chomhroinnte deis do thuismitheoirí páistí nuabheirthe, nó páiste nuashocraithe d’uchtú, suas le 50 seachtain ar a mhéid de shaoire mháithreachais/uchtaithe agus 39 seachtain pá a roinnt má chomhlíonann siad na critéir incháilithe riachtanacha. Tá máithreacha incháilithe in ann a chinneadh go gcríochnóidh siad a saoire mháithreachais/uchtaithe agus a bpá máithreachais/uchtaithe (más ábhartha) luath chun saoire agus pá a chruthú is féidir leo a roinnt le hathair an pháiste nó lena bpáirtí mar shaoire do thuismitheoirí agus pá comhroinnte.