Ainm: Marcas Mac Ruairí
Teileafón: 086 171 9755
Rphost: marcas@glornangael.ie
Tá sé mar dhualgas corparáideach ar Ghlór na nGael sábháilteacht agus leas leanaí a mbíonn teagmháil aici leo ar bhealach ar bith a chur chun cinn. Pléann an doiciméad polasaí seo le haithint, tuairisciú agus bainistíocht buarthaí sábháilteachta leanaí, agus cabhróidh sé le duine ar bith atá ag obair ar ár son an aird chuí a thabhairt ar chearta agus leas Leanaí,
Ó am go chéile bíonn Glór na nGael ag plé le daoine óga ar chúpla bealach. Bíonn daoine óga (faoi aois) ag freastal ar roinnt d’ár nimeachtaí agus tugann ár bhfoireann cuairteann rialta ar scoileanna agus ar ócáidí ina mbíonn páistí i láthair. Glacaimid leis go bhfuil sé mar chúram orainn treoirlínte agus polasaithe oiriúnacha cosanta leanaí a chur i bhfeidhm i gcomhréir le Tús Áite do Leanaí – Treoir Náisiúnta um Chosaint agus Leas Leanaí. Leagann ‘Tús Áite do Leanaí – Treoir Náisiúnta um Chosaint agus Leas Leanaí’ oibleagáid orainn i leith leas agus cosaint leanaí a chur chun cinn. Sainmhínítear leanbh mar dhuine ar bith faoi bhun 18 mbliana d’aois nach bhfuil nó nach raibh pósta, chun críocha na dtreoirlínte seo.
Is mian linne i nGlór na nGael a chinntiú go gcosnaítear leanaí chomh fada agus is féidir, fad is a bhíonn siad in éineacht le baill foireann nó ag freastal at ár gcuid imeachtaí. Féachaimid le timpeallacht agus eispéireas sábháilte a chur ar fáil, ina bhfuil leas an linbh/duine óig fíorthábhachtach. Cloífimid le moltaí Tús Áite do Leanaí: Treoir Náisiúnta um Chosaint agus Leas Leanaí, a d’fhoilsigh an Roinn Leanaí agus Gnóthaí Óige.
Déanfaidh Glór na nGael na bearta seo a leanas:
Déanfaidh Glór na nGael measúnacht ar an bPolasaí go bliantúil agus nithe amhail aiseolas a fuarthas, na cleachtais is fearr agus/nó athruithe ar bith ar reachtaíocht sa tréimhse sin á gcur san áireamh, agus déanfaidh sí leasú air dá réir. Tabharfar cóip den polasaí seo do gach ball foirne a d’fhéadfadh a bheith i dteagmháil le leanaí mar chuid dá gcuid oibre.
Leanfaidh Glór na nGael na deachleachtais oibre seo a leanas le cinntiú go bhfanann gach leanbh sábháilte agus go mbíonn idirghníomhú dearfach acu linn, bíodh sé sin trí shocrúchán oibre, nó trí chuairteanna scoileanna nó imeachtaí ar leith. Caithfidh cur chuige atá dírithe ar Leanaí, agus léirithe thíos, a bheith ag duine ar bith a bhíonn ag obair ar ár son agus a fhéadfadh bheith i dteagmháil le leanaí mar chuid den obair.
Anuas air sin, ní bheidh duine ar bith a oibríonn do Ghlór na nGael á (h)iompar féin go míchuí mar seo a leanas choíche;
Má sháraítear ceann ar bith de na treoracha thuas, féachfar air sin mar shárú an Chóid Chleachtais, agus d’fhéadfaí tús a chur le himeachtaí araíonachta agus coiriúla mar gheall air. Ba chóir go dtuairisceodh duine ar bith a oibríonn (fostaithe/deonach) ar son Glór na nGael buarthaí atá aige/aici faoi iompraíocht mhíchuí ar bith maidir le leanaí i scríbhinn, pé uair is bainteach, don Phríomhfheidhmeannach, nó sa chás gur gearán faoin bPríomhfheidhmeannach atá i gceist, chuig Cathaoirleach na heagraíochta.
Tá freagrachtaí orainn chomh maith maidir le gníomhaíochtaí lasmuigh. Tá a bpolasaithe féin um chosaint leanaí i bhfeidhm ag gach aon scoil agus institiúidi oideachais agus pobal. Nuair a thugann ár nionadaithe cuairt ar scoil ar leith, bíonn an cuairteoir ó Ghlór na nGael faoi réir na bpolasaithe cosanta leanaí atá acu siúd.
Tá roinnt fianaise ann go bhféadfaí grianghraif de leanaí a úsáid go míchuí. Mar sin, cloífidh duine ar bith a oibríonn ar son Glór na nGael leis na treoirlínte seo a leanas.
Is é an duine a bhfuil an fhreagracht deiridh air/uirthi as cur i bhfeidhm an Pholasaí um Chosaint Leanaí ná an Teagmhálaí Ainmnithe.
Is é Marcas Mac Ruairí an Teagmhálaí Ainmnithe ag Glór na nGael. (Féach sonraí teagmhála lth 1)
Tá sé mar fhreagracht ar an Teagmhálaí Ainmnithe teagmháil a dhéanamh leis an nGníomhaireacht um Leanaí agus an Teaghlach, nó leis an nGarda Síochána nuair is cuí.
Ba chóir teagmháil a dhéanamh leis na mbeirt thusaluaite má tá fadhb nó buairt ar bith le tuairisciú faoi ghné ar bith de shábháilteacht agus leas linbh nó duine óig i gcur i gcrích dualgaisí oibre.
Tarlaíonn mí-úsáid leanaí nuair a dhéanann iompraíocht duine a bhfuil níos mó cumhachta aige/aici ná an leanbh díobháil don leanbh. Ós rud é gur féidir leanaí a mhí-úsáid ar bhealaí éagsúla, ag an am céanna, uaireanta, ní bhíonn sé éasca í a chatagóiriú i gcónaí. Ach is féidir ceithre shainmhíniú leathana a bhreithniú, agus is féidir iad a achoimriú mar fhaillí, mí-úsáid mhothúchánach, mí-úsáid chorpartha agus mí-úsáid ghnéasach.
Tá sainmhínithe ar na ceithre chineál mí-úsáide agus ar an gcaoi le mí-úsáid a aithint san áireamh in Aguisíní 1 agus 2, rudaí atá bunaithe ar “Tús Áite do Leanaí – Treoir Náisiúnta um Chosaint agus Leas Leanaí”. Ach is minic go mbíonn sé deacair faillí nó mí-úsáid leanaí a aithint agus d’fhéadfadh go leor cineálacha éagsúla di a bheith i gceist. Níor chóir breathnú ar tháscaire amháin mar chomhartha dochloíte mí-úsáide. Seans go dtugann sé dálaí eile seachas mí-úsáid leanaí le fios. Caithfear gach comhartha agus airí a scrúdú i gcomhthéacs chás agus cúinsí teaghlaigh an linbh. B’ionann na samplaí seo a leanas agus cúis réasúnta bhuartha (tógtha ón Lámhleabhar Cleachtais um Chosaint agus Leas Leanaí, Rannán 2.2):
D’fhéadfadh an cumas mí-úsáid leanaí a aithint a bheith ag brath chomh mór ar thoilteanas duine glacadh leis an bhféidearthacht go bhfuil sí á déanamh is atá sé ar an eolas agus an fhaisnéis atá aige/aici. Is gnách go mbíonn trí chéim i gceist le mí-úsáid leanaí a aithint:
(a) an fhéidearthacht a bhreithniú,
(b) comharthaí mí-úsáide a lorg,
(c) eolas a thaifeadadh.
Ba chóir an fhéidearthacht go bhfuil mí-úsáid leanaí ar siúl a bhreithniú má tá an chuma air gur gortaíodh leanbh go hamhrasta agus nach féidir é a mhíniú go réasúnta. Ba chóir í a bhreithniú chomh maith má tá an chuma ar an leanbh go bhfuil sé/sí trína chéile gan fáth soiléir, nó má tá fadhbanna comhsheasmhacha nó nua iompraíochta aige/aici. Ba chóir an seans go bhfuil mí-úsáid ar siúl a bhreithniú chomh maith má bhíonn an leanbh á (h)iompar féin go haisteach nó go heaglach i leith tuismitheoirí/cúramóirí.
D’fhéadfadh comharthaí mí-úsáide fisiceacha, iompraíocha nó forbarthacha a bheith i gceist. D’fhéadfaidís a bheith sa chaidreamh idir leanaí agus tuismitheoirí/cúramóirí, idir leanaí agus daoine eile dá muintir/daoine eile agus i measc a bpiaraí. Is maith an seans gur comhartha níos mó ar mhí- úsáid é braisle nó pátrún comharthaí. D’fhéadfadh leanaí atá á mí-úsáid nod a thabhairt go bhfuil díobháil á déanamh dóibh agus nochtann siad eolas go díreach uaireanta. Ba chóir cásanna nochta a chreidiúint i gcónaí. Ní bhíonn an chuid is mó comharthaí mí-úsáide saintréitheach, agus caithfear iad a bhreithniú i gcomhthéacs sóisialta agus teaghlaigh an linbh. Bíonn sé tábhachtach a bheith toilteanach i gcónaí glacadh le míniúcháin eile ar chomharthaí fisiceacha nó iompraíocha mí-úsáide. Seans go mbeidh gá le measúnú speisialtóra, uaireanta, le deimhniú an ionann buarthaí ar leith agus mí-úsáid.
Is mó an seans go mbeidh a fhios againn faoi chás mí-úsáide má insíonn leanbh dúinn faoi. Is beag teagmháil a bhíonn ag éinne ó fhoireann Ghlór na nGael le páistí nó daoine óga sna scoileanna nó laisitgh d’eagraíochtai eile ach mar sin féin, tá sé riachtanach go bpléifeadh duine ar bith atá ag obair ar ár son leis seo go híogair agus go gairmiúil. Seo a leanas treoirlínte le tacú leis an oibrí leis seo:
Má cheaptar go bhfuil mí-úsáid ar siúl nó má nochtar mí-úsáid is é an rud is tábhachtaí ná nach ndéanfá faic.
Duine ar bith a mheasann go raibh/go bhfuil mí-úsáid á baint as leanbh, nó go bhfuil sé/sí i mbaol mí-úsáide, tá sé de fhreagracht agus de dhualgas cúraim air/uirthi a b(h)uarthaí a thuairisciú don Ghníomhaireacht um Leanaí agus an Teaghlach, go díreach, nó tríd an Teagmhálaí Ainmnithe, más mian leo é i nGlór na nGael. Ba chóir buairt faoi bhaol féideartha duine ar leith do leanaí, fiú mura bhfuil na leanaí ar aithne, ba chóir í a chur in iúl don Ghníomhaireacht um Leanaí agus an Teaghlach chomh maith, go díreach, nó tríd an Teagmhálaí Ainmnithe.
Is iad na treoirphrionsabail maidir le mí-úsáid leanaí a thuairisciú ná gur gá go mbíonn sábháilteacht agus leas an linbh nó an duine óig mar thosaíocht. Caithfear gach leanbh a chosaint ar riosca gan ghá. Tuairisceofar mí-úsáid amhrasta laistigh de Ghlór na nGael láithreach don Teagmhálaithe Ainmnithe.
Tá nós imeachta caighdeánach tuairiscithe curtha i bhfeidhm againn le déileáil le nochtadh, buarthaí nó líomhaintí mí-úsáide leanaí. Caithfear tús áite a thabhairt do shábháilteacht agus leas an linbh. Is é an nós imeachta caighdeánach tuairiscithe atá ann le déileáil le nochtadh, buarthaí nó líomhaintí mí-úsáide leanaí ná an ceann sin atá leagtha amach in Tús Áite do Leanaí: Treoir Náisiúnta um Chosaint agus Leas Leanaí.
Ba chóir d’aon bhall foirne, ar nochtadh mí-úsáid leanaí dó/di, nó a bhfuil buarthaí air/uirthi faoi mhí-úsáid, ba chóir dó/di seo a chur ar a shúile don Teagmhálaí Ainmnithe láithreach.
Ba chóir don fhostaí ar nochtadh mí-úsáid leanaí dó/di, nó a bhfuil buarthaí air/uirthi faoi mhí-úsáid, ba chóir dó/di seo a chur ar a shúile don Teagmhálaí Ainmnithe i nGlór na nGaeilge láithreach.
Tá sé tábhachtach go mbeadh a fhios ag na daoine go léir a bhíonn ag obair ar ár son nach bhfuil an duine a d’aimsigh an cás mí-úsáide líomhnaithe nó amhrasta ar dtús freagrach as cinneadh a dhéanamh ar cé acu ar tharla nó nár tharla mí-úsáid. Seo tasc don Ghníomhaireacht um Leanaí agus an Teaghlach agus don Gharda Síochána. Níor chóir do bhall foirne ar bith iarracht a dhéanamh dul i ngleic leis an bhfadhb mhí- úsáide ina (h)aonar i gcás ar bith.
Beidh ar an bhfostaí a chuir a b(h)uairt in iúl ar dtús tuairisc a dhéanamh, i gcomhairle leis an Teagmhálaí Ainmnithe cuí, agus é/í ag cur síos ar an gcás, lena n-áirítear an dáta, an t-am agus na daoine a bhí i gceist. Ba chóir go mbeadh fíricí sa tuairisc. Ba chóir tuairimí ar bith a lua amhlaidh, agus tacú leo le heolas fíorasach.
Déanfaidh an Teagmhálaí Ainmnithe athbhreithniú ar an eolas a cuireadh ar fáil le cinntiú gur bailíodh an t-eolas bainteach go léir. Déanfaidh sé/sí teagmháil leis an nGníomhaireacht um Leanaí agus an Teaghlach chun comhairle neamhfhoirmiúil a fháil gan mhoill maidir leis an líomhain, buairt nó nochtadh, nuair is gá sin.
Beidh dhá rogha ag an Teagmhálaí Ainmnithe ansin:
I gcás go ndéantar tuairisc fhoirmiúil, is maith an seans go mbeidh an Ghníomhaireacht um Leanaí agus an Teaghlach ag iarraidh labhairt leis an duine a rinne an tuairisc ar dtús chun fíricí agus cúinsí na tuairisce a shoiléiriú.
I gcás éigeandáil iar-ama, ba chóir tuairisciú go díreach don Gharda Síochána.
Agus tuairisc á déanamh ar mhí-úsáid amhrasta nó iarbhír leanaí, caithfidh an duine a chinntiú gurb iad sábháilteacht agus leas an duine óig an phríomhthosaíocht i gcónaí, agus nach bhfágtar duine óg ar bith i gcás nach bhfuil sábháilte ag am ar bith. Cuirfear tuismitheoirí/caomhnóirí an linbh ar an eolas faoin líomhain, buairt nó nochtadh eolais, ach amháin más dócha gur bhaol don leanbh é a leithéid a dhéanamh.
Caithfear freagra a thabhairt ar bhuairt nó amhras réasúnta ar bith faoi mhí-úsáid nó faillí. Má thugtar neamhaird ar na comharthaí nó mura ndéantar idirghabháil, d’fhéadfadh tuilleadh díobhála tarlú don leanbh.
I gcásanna go gcinneann an Teagmhálaí Ainmnithe (TA) gan buarthaí a thuairisciú don Ghníomhaireacht um Leanaí agus an Teaghlach ná don Gharda Síochána, tabharfar ráiteas soiléir scríofa don fhostaí nó don oibrí deonach a chuir a b(h)uairt in iúl, agus é ag cur síos ar na fáthanna nach bhfuil a leithéid de ghníomh á dhéanamh ag an Teagmhálaí Ainmnithe. Déarfar leis an bhfostaí/oibrí deonach go bhfuil cead aige/aici mar dhuine aonair dul i gcomhairle le, nó tuairisc a dhéanamh don Ghníomhaireacht um Leanaí agus an Teaghlach nó don Gharda Síochána má tá sé/sí buartha faoin gcás go fóill. Bíonn forálacha an Achta um Chosaintí do Dhaoine a Thuairisceoidh Drochúsáid Leanaí, 1998, i bhfeidhm tar éis dó/di cumarsáid a dhéanamh ‘go réasúnach agus de mheon macánta’.
Ní ligfear do chúrsaí rúndachta ceart an linbh chun cosanta a shárú. Beidh leas an linbh mar phríomhthosaíocht. Ní sárú rúndachta ná cosanta sonraí é eolas a thabhairt a thacaíonn le cosaint linbh. Mar sin, i gcás mí-úsáid leanaí, níor chóir d’fhostaí gealladh go gcoinneofar eolas ar bith a nochtadh faoi rún i gcás ar bith. Ba chóir a mhíniú don duine óg nach féidir an t-eolas seo a choinneáil faoi rún, ach nach nochtfar é ach do na daoine sin ar gá an t-eolas a bheith acu.
Tá sé riachtanach nuair a bhíonn cásanna mí-úsáide líomhnaithe/amhrasta ar bith á dtuairisciú go mbíonn prionsabal na rúndachta i bhfeidhm. Níor chóir an t-eolas a roinnt ach leis na daoine ar gá é a bheith ar eolas acu, agus ba chóir an líon seo daoine a choinneáil chomh híseal agus is féidir. Ba chóir buarthaí faoi leanbh a thuairiscítear go hanaithnid a fhiosrú go hiomlán i gcomhréir le nósanna imeachta caighdeánacha FSS. Má rinneadh an tuairisc trí thríú páirtí, ba chóir iarraidh ar an duine atá mar idirghabhálaí teagmháil a éascú idir an duine bunaidh a thuairiscigh an bhuairt agus an Ghníomhaireacht um Leanaí agus an Teaghlach. Ach mura mbíonn an teagmháil éascaithe, caithfear na buarthaí a tuairiscíodh tríd an tríú páirtí a thuairisciú don Ghníomhaireacht um Leanaí agus an Teaghlach.
Beidh taifid maidir le buarthaí faoi chosaint agus leas leanaí coinnithe go slán agus cothabháilte ag an Teagmhálaí Ainmnithe. Comhoibreoidh an Roinn leis an nGníomhaireacht um Leanaí agus an Teaghlach trí roinnt a dtaifead nuair a thagann ceist leas nó cosanta linbh aníos.
Cuireann an tAcht seo díolúine ó dhliteanas sibhialta agus ó phionós fostóra ar fáil do dhaoine a thuairiscíonn mí-úsáid leanaí ‘go réasúnach agus de mheon macánta’ do na hOifigigh Ainmnithe sa Ghníomhaireacht um Leanaí agus an Teaghlach, nó don Gharda Síochána.
Má dhéantar líomhain in aghaidh duine ar bith d’ár bhfostaithe nó má mheasann ball foirne go bhfuil iompraíocht mhíchuí ar siúl ag ball foirne eile i dtreo linbh, nó go bhfuil sé/sí ag mí-úsáid linbh, is é cosaint an linbh/an duine óig an chéad tosaíocht agus an beart is tábhachtaí. Is é an chéad tosaíocht ná a chinntiú nach bhfuil leanbh ar bith nochta do riosca gan ghá. Ba chóir go ndéanfadh an Teagmhálaí Ainmnithe bearta cosanta riachtanacha ar bith mar bheart práinne. Ba chóir go mbeadh na bearta ar aon dul le leibhéal an riosca, agus níor chóir dóibh pionós míréasúnta a chur ar dhuine ar bith, i bhfoirm airgeadais nó eile, ach amháin más gá sin chun leanaí a chosaint. I gcásanna go bhfuil pionós i gceist le bearta cosanta, tá sé tábhachtach go ndéanfar breithniú luath ar an gcás.
Má dhéantar gearán mí-úsáide faoi bhall foirne, beidh dhá shnáithe i gceist leis na nósanna imeachta.
Beidh tuairisciú na mí-úsáide leanaí mar an gcéanna le Rannán 11 thuas (Ball foirne → Teagmhálaí Ainmnithe → an Ghníomhaireacht um Leanaí agus an Teaghlach).
Ach déanfar imscrúdú chomh maith ar an mí-úsáid líomhnaithe. Déanta na fírinne, d’fhéadfadh trí imscrúdú a bheith i gceist:
Mí-Úsáid Leanaí a Shainmhíniú agus a Aithint
(Tús Áite do Leanaí; Treoir Náisiúnta um Chosaint agus Leas Leanaí 2011)
Is féidir mí-úsáid leanaí a chatagóiriú i gceithre chineál éagsúla: faillí, mí-úsáid mhothúchánach, mí- úsáid chorpartha agus mí-úsáid ghnéasach. D’fhéadfadh breis is cineál amháin mí-úsáide a bheith á baint as leanbh ag aon am amháin. Tá tuilleadh sonraí ar gach cineál mí-úsáide tugtha in Aguisín 2. Sa doiciméad Tús Áite do Leanaí: Treoir Náisiúnta um Chosaint agus Leas Leanaí, is ionann ‘leanbh’ agus duine atá faoi bhun 18 mbliana d’aois, gan duine atá, nó a bhí pósta san áireamh.
Is féidir faillí a shainmhíniú mar neamhghníomh, is é sin, nuair a dhéantar díobháil nó lagú suntasach d’fhorbairt an linbh trí bhia, éadaí, téamh, sláinteachas, spreagadh intleachta, maoirseacht agus sábháilteacht, ceangal le agus cion ó dhaoine fásta, agus/nó cúram leighis a choinneáil uaidh/uaithi. Is féidir cur síos ar dhíobháil mar dhrochíde do, nó lagú sláinte nó forbairt linbh. Bíonn a suntas faoi réir shláinte agus forbairt an linbh, i gcomparáid leis an gcaoi a mbeadh leanbh eile den aois chéanna.
Is gnách go mbíonn faillí tugtha faoi deara ar bhealaí éagsúla thar thréimhse ama seachas pointe ama ar leith. Mar shampla, b’fhéidir nach bhfuiltear ag freastal ar riachtanais linbh a gortaíodh go measartha ag uaireanta éagsúla as a chéile ó thaobh maoirseacht agus sábháilteacht riachtanach de. Seans nach bhfuil cothú imleor á thabhairt do leanbh a bhfuil a (h)airde nó a m(h)eáchan i bhfad faoi bhun an mheáin. Seans nach bhfuil spreagadh intleachta á fháil ag leanbh a bhíonn as láthair ó scoil go comhsheasmhach.
Baintear tairseach díobhála suntasaí amach nuair a dhéantar faillí i riachtanais linbh an oiread sin go bhfuil tionchar trom á imirt ar a leas agus/nó a f(h)orbairt.
Is gnách go mbíonn mí-úsáid mhothúchánach i gceist sa chaidreamh idir tuismitheoir/cúramóir agus leanbh seachas eachtra nó pátrún eachtraí ar leith. Tarlaíonn sí nuair nach bhfreastalaítear ar riachtanas forbarthach ceana, formheasa, comhsheasmhachta agus slándála linbh. Ach amháin sa chás go bhfuil cineálacha eile mí-úsáide ar siúl, is annamh go mbíonn sí le tabhairt faoi deara mar chomharthaí nó airíonna fisiceacha. Ar na samplaí a d’fhéadfadh a bheith ann, tá:
(i) comharthaí sóirt diúltacha á dtabhairt ar leanbh, agus sin á dhéanamh trí cháineadh, géarchaint, naimhdeas nó lochtú leanúnach;
(ii) tuistiú coinníollach, nuair a bhíonn an oiread cúraim a thugtar don leanbh ag brath ar a (h)iompraíocht nó a g(h)níomhartha;
(iii) tuismitheoir/cúramóir nach bhfuil ar fáil go mothúchánach don leanbh;
(iv) neamhfhreagúlacht an tuismitheora/an chúramóra agus/nó ionchais neamhréireacha nó mhíchuí i leith an linbh;
(v) leagan freagrachta ar an leanbh go róluath;
(vi) ionchais neamhréalaíocha nó mhíchuí maidir le cumas an linbh rud a thuiscint, nó é/í féin a iompar agus a rialú ar bhealach áirithe;
(vii) gannchosaint nó róchosaint an linbh;
(viii) teip suim a léiriú i, nó deiseanna atá oiriúnach dá (h)aois a chur ar fáil le haghaidh forbairt chognaíoch agus mhothúchánach an linbh;
(ix) bearta araíonachta míréasúnta nó ródhian á ndéanamh;
(x) nochtadh d’fhoréigean baile;
(xi) nochtadh d’ábhar míchuí nó mí-úsáideach trí theicneolaíocht nua. D’fhéadfadh mí-úsáid mhothúchánach a bheith le tabhairt faoi deara i bhfeidhmiú iompraíochta, cognaíoch, mothachtálach nó fisiceach an linbh. Samplaí díobh seo ná ceangal neamhshlán, míshonas, lagmheas air/uirthi féin, tearcghnóthachtáil oideachais agus forbartha, agus iompraíocht fhreasúrach. Baintear amach tairseach na díobhála suntasaí nuair a bhíonn idirghníomhuithe mí- úsáideacha i gceist go príomha, agus go mbíonn siad mar ghnáthdhálaí an chaidrimh idir an leanbh agus an tuismitheoir/cúramóir.
`Is ionann mí-úsáid chorpartha linbh agus cás nuair a dhéantar díobháil fhisiceach iarbhír nó fhéideartha do leanbh trí idirghníomh, nó easpa idirghnímh, rud atá faoi smacht tuismitheora nó duine a bhfuil freagracht air/uirthi, cumhacht aige/aici, nó iontaoibh as/aisti go réasúnta. D’fhéadfadh teagmhas amháin nó teagmhais éagsúla a bheith i gceist. D’fhéadfadh siad seo thíos a bheith i gceist le mí-úsáid chorpartha:
(i) pionós trom corpartha;
(ii) greadadh, leangadh, bualadh nó ciceáil;
(iii) brú, crith nó caitheamh;
(iv) liomóga nó greamanna fiacla á mbaint as duine, tachtadh nó tarraingt gruaige; (v) sceimhliú le bagairtí;
(vi) breathnú ar fhoréigean;
(vii) neart iomarcach á úsáid le linn láimhseáil;
(viii) nimhiú d’aon ghnó;
(ix) múchadh;
(x) breoiteacht chumtha/spreagtha (Féach Aguisín 1 chun sonraí a fháil);
(xi) riosca mór díobhála suntasaí do leanbh a cheadú nó a chruthú.
Tarlaíonn mí-úsáid ghnéasach nuair a bhíonn leanbh á (h)úsáid ag duine eile dá s(h)ásamh nó spreagadh gnéasach féin, nó do dhaoine eile. Ar na samplaí de mhí-úsáid ghnéasach leanaí atá ann, tá:
(i) nochtadh na ngnéasorgán nó gníomh gnéasach ar bith a dhéantar d’aon ghnó i láthair an linbh;
(ii) leagan lámh ar nó muirniú corp linbh d’aon ghnó ag duine nó rud, ar mhaithe le spreagadh nó sásamh gnéasach;
(iii) lámhchartadh i láthair an linbh nó rannpháirtíocht an linbh i ngníomh lámhcharta;
(iv) Caidreamh collaí béil, faighne nó tóna leis an leanbh;
(v) dúshaothrú gnéasach linbh, rud a chuimsíonn gríosadh, spreagadh, tairiscint, tabhairt ar/ceadú do leanbh striapachas nó gníomhartha collaí eile a thairiscint nó páirt a ghlacadh iontu. Tarlaíonn dúshaothrú gnéasach chomh maith nuair a bhíonn leanbh páirteach i dtaispeáint, mainicíneacht nó geáitsíocht ar mhaithe le spreagadh nó sásamh gnéasach, nó gníomh gnéasach, lena n-áirítear taifeadadh (ar scannán, físthéip nó meáin eile), nó iomramháil na híomhá chun na gcríoch sin ar ríomhaire nó trí mhodh eile. Seans go mbeadh ábhar gáirsiúil á léiriú do leanaí chomh maith, agus is minic gur gné é seo den mhealltóireacht a bhíonn ar siúl ag lucht mí-úsáide leanaí;
(vi) gníomhaíocht ghnéasach chomhthoiliúil idir duine fásta agus duine faoi aois. Maidir le mí-úsáid ghnéasach leanaí, ba chóir do dhuine a thabhairt dá (h)aire, chun críocha an dlí choiriúil, gurb í an aois toilithe i leith caidreamh collaí ná 17 mbliana i gcás buachaillí agus cailíní. Socróidh an Garda Síochána gnéithe coiriúla an cháis faoin reachtaíocht bhainteach.
Ba chóir do dhuine a thabhairt dá (h)aire nach sainmhíniú dlí é an sainmhíniú ar mhí-úsáid ghnéasach leanaí atá curtha i láthair sa rannán seo, agus nach bhfuil sé beartaithe go mbeadh sé mar chur síos ar chion coiriúil ionsaithe ghnéasaigh.
Agus iad ag fanacht le toradh an imscrúdaithe, ba chóir go ndéanfadh an fhostaí pé bearta cosanta is gá le cinntiú nach mbíonn leanaí nó daoine óga nochtadh do riosca doghlactha. Ní bearta araíonachta iad na bearta cosanta seo, agus d’fhéadfadh na gníomhartha seo a leanas a bheith ina measc:
Níor chóir an ball foirne a chur as dualgas ar feitheamh thoradh an imscrúdaithe ach i gcúinsí eisceachtúla. Ba chóir a mhíniú don bhall foirne atá i gceist gur beart réamhchúramach é an cinneadh é/í a chur as dualgas, agus nach smachtbhanna araíonachta é. Cuirfear tuairimí an bhaill foirne atá i gceist san áireamh agus na bearta cuí cosanta á gcinneadh.
Dearbhú ar an bPolasaí um Chosaint Leanaí agus an Cód Iompraíochta um Chosaint Leanaí Ainm
Do ghach ball foirne le síniú
Ainm: ___________________________________
Dáta breithe: ___________________________________
Seoladh: ___________________________________
___________________________________
Uimhir ghutháin: ___________________________________
Suíomh oibre: ___________________________________
Teideal Poist: ___________________________________
Fuair mé cóip de Polasaí Um Chosaint Leanaí Ghlór na nGael. Tá na sonraí sa pholasaí agus sna cleachtais agus nósanna imeachta breise léite agam agus tuigim iad, agus toilím na treoirlínte ar nósanna imeachta agus cleachtais atá iontu a leanúint.
Sínithe: _____________________________________
Ainm bhall foirne: _____________________________________
Dáta: _____________________________________
AGUISÍN 4
Foirm Dhearbhúcháin na Foirne Dearbhú ar an bPolasaí um Chosaint Leanaí
Ainm (bloclitreacha): ___________________________________
Dáta breithe: _________________________________________
Seoladh: ____________________________________________
__________________________________________________
Uimhir ghutháin: ______________________________________
Suíomh oibre: ________________________________________
Post: _______________________________________________
Fuair mé cóip de Pholasaí um Chosaint Leanaí Ghlór na nGael. Tá na sonraí sa pholasaí léite agam agus tuigim iad, agus toilím cloí leis na treoirlínte ar nósanna imeachta agus cleachtais atá ann.
Sínithe: __________________________________ (Ainm an Fhostaí)
Oiriúnaithe ó Pholasaí Um Chosaint Leanaí An Chomhairle um Oideachas Gaeltachta & Gaeltachta agus An Chomhairle Ealaíona. Le hathbhreithniú mí na Samhna 2016.