Site logo

Lá Traenála na gCúntóirí Teanga

Bhí cúntóirí ón na naoi gceantar a bhfuil Scéim na gCúntóirí Teanga a reachtáil ann, i láthair ag lá traenála a d’eagraigh Glór na nGael in oifigí Foras na Gaeilge ar Sráid Amien i mBaile Átha Cliath an tseachtain seo (06/11/23). Feidhmíonn na cúntóirí i scoileanna atá suite i mBailte Seirbhíse Gaeltachta agus i Líonraí Gaeilge atá aitheanta faoin bpróiseas pleanála teanga.

Dúirt Sara Ní Chuireáin, Bainisteoir Scéim na gCúntóirí Teanga, go bhfuil sé tábhachtach an spás a chur ar fáil do na cúntóirí teanga teacht le chéile. “Tá Glór na nGael ann le tacaíocht a thabhairt do na cúntóirí teanga an Ghaeilge a chur chun cinn sna scoileanna. Ceann de na bealaigh go dtig linn sin a dhéanamh ná ócáidí mar seo a eagrú dóibh.

“Ní hé amháin go dtig leo foghlaim faoi chluichí leis an teanga a spreagadh trí spraoi, níos tábhachtaí ná sin b’fhéidir, ná go dtugann sé an deis dóibh aithne a chur ar a chéile, taithí s’acu a roinnt agus plé a dhéanamh ar cheisteanna agus ar théamaí comónta” a dúirt Ní Chuireáin.

Eagraíodh cúpla phríomhimeacht thar an lá.

  • ‘Blaiseadh spreagadh teanga trí spraoi’ le Eoghan Mac Cormaic, dearthóir cluichí, maidir leis na cluichí a úsáideann siad agus iad ag obair le daoine óga, agus deis triail a bhaint astu – tá COGG ag maoiniú pacaiste cluichí agus aiseanna do gach scoil atá pairteach sa scéim

  • ‘Tabhacht ról an chúntóir teanga’ le hiar-phríomhoide Scoil Uí Ghramhnaigh Mairéad Ní Cheallaigh – Cuir síos ar ról an cúntóir mar chuid de fhoireann na scoile agus an tabhacht a bhaineann leis an ról.

  • ‘Deachleachtais’ – Fóraim plé le Máire Ní Óbáin, Cúntóir Teanga i Scoil Mhic Dara, An Cheathrú Rua agus Bríd Ní Dhonnchadha ó An Chomhairle um Oideachas Gaeltachta & Gaelscolaíochta

Tá 15 as na 16 phost líonta ag an bpointe seo agus tá Glór na nGael go fóill ar eacrú don phost mar cúntóir teanga i gColaiste Chillian i gCluain Dolcáin, i mBaile Átha Cliath. Tá an 14ú Samhain mar sprioc agus ma tá suim agat seol r-phost ag sct@glornangael.ie. Tá an scéim seo maoinithe ag an Roinn Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus na Meán. Tá déis an scéim a leathnú amach go Cathair Chorcaigh, Baile Dhún na nGall agus an Uaimh, i gCo. na Mí nuair a bheidh plean teanga ullmhaithe ag grúpaí sna ceantair sin agus na pleananna aitheanta ag an Roinn.

sct.glornangael.ie