Tháinig na cúntóirí Teanga le chéile ar lá traenála an tseachtain seo cáite in oifigí Fhoras na Gaeilge, Baile Átha Cliath. Tá na cúntóirí ag obair fud fad na tíre i scoileanna lánGhaeilge i mBailte Seirbhíse Gaeltachta agus i mbailte Líonraí Gaeilge atá aitheanta faoin bpróiseas pleanála teanga.
Chuir muid tús leis an lá le ceardlann ióga agus aireachas ó Chiarán Mac Fhearghusa ó Óga Yoga. Thug sé léideanna agus samplaí deasa dúinn faoin dóigh le ióga agus aireachas a úsáid ar scoil. Ina dhiaidh sin rinne Edel Ní Bhraonáin, Bainisteoir Gaelbhratach le Gael Linn cur i láthair ar an scéim Gaelbhratach. Labhair sí faoin ngá atá ann le deiseanna nádúrtha a chruthú chun an Ghaeilge a labhairt taobh amuigh den seomra ranga agus den cheacht Gaeilge féin.
San iarnóin rinne Frainc Mac Cionnaith – Bainisteoir Forbartha, Gnó agus Fiontraíocht le Glór na nGael, cur i láthair ar scéim GRADAIM Gnó na hÉireann ach go háirithe Fionntraí Óg na Bliana. Bronntar dhá ghradaim Fiontraí Óg ar leith sa bhliain ar bheirt duine óg a léiríonn bua don fhiontraíocht le Gaeilge. Léiríonn buaiteoirí ‘Fiontraí Óg na Bliana’ na tréithe seo a leanas; bua don fhiontraíocht, cumas samhlaíoch ina c(h)ur chuige, íomhá dhearfach i leith na Gaeilge a chur chun tosaigh, seirbhís le Gaeilge don chustaiméir nó don chliant.
Ba mhaith le Sara Ní Chuireáin, Bainisteoir Scéim na gCúntóirí Teanga a buíochas a ghabháil leis na cainteoirí ar fad, na cúntóirí féin, Elaine agus Niamh ó Rannóg Teaghlaigh Ghlór na nGael agus le Foras na Gaeilge as an spás oibre a chur ar fáil don lá.
Tá Scéim na gCúntóirí Teanga taobh amuigh den Ghaeltacht á reáchtáil ag Glór na nGael thar ceann an Roinn Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus na Meán, mar bheart sonrach ón bPlean Gníomhaíochta 2018 – 2022 don Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge 2010-2030.