Bhí eachtraíocht agus spraoi ann ag Lá Náisiúnta na dTeaghlach a d’eagraí Glór na nGael do theaghlaigh Ghaeilge i mí na Bealtaine 2018.
D’fhreastal na scórtha ar an ollimeacht náisiúnta a bhí ar siúl in Ionad Náisiúnta Óige na hÉireann, Droim Rí, Contae na Mí, ar an Aoine agus an Sathairn 25-26 Bealtaine 2018. Mar chuid de bhliain na Gaeilge, bhí clár imeachtaí cuimsitheach ann le BBQ, scéalaíocht, cluichí, peinteáil aghaidhe, preabchaisleán, ceardlann drámaíochta, ceardlann amhráin agus rannta, ceardlann drumaí, Giggles an fear grinn, agus go leor leor eile.
Ba mhaith le Ghlór na nGael buíochas a ghabháil le gach duine a d’fhreastail ar Lá Náisiúnta na dTeaghlach ag Droim Rí agus leis an fhoireann a chuidigh linn an ócáid a eagrú. Tá buíochas speisialta ag dul do Choláiste na bhFiann as an láthair a chur ar fáil dúinn agus d’Fhoras na Gaeilge as ucht a thacaíocht.
Bhí am ar dóigh againn agus tá dóchas againn bheith ábalta a leithéid a eagru arís.
Tá tuilleadh eolais ar fáil ó Mharcas Mac Ruairí ag marcas@glornangael.ie.