Site logo

Lá na Gaeilge i gCorcaigh – 19 Meitheamh 2022

Beidh Lá na Gaeilge ar siúl i bPáirc Tramore Valley, Baile an Locha, Corcaigh ar an Domhnach 19 Meitheamh ó 13:00 go 16:00.

Deis do theaghlaigh agus pobal Chathair & Chontae Chorcaí tráthnóna taitneamhach saor in aisce a chaitheamh trí Ghaeilge. Beidh seastáin eolais ann chun aird a tharraingt ar thacaíochtaí & seirbhísí Gaeilge;  Picnic na dTeidí le hamhráin & rannta do leanaí óga; Picnic na dTeaghlach; cluichí spraíúla ; Cúinne Leabhar & cluichí boird; ceol & ceardlanna; Giggles an Fear Grinn, Lámhchleasaíocht le Stephen McGinley & Seó Puipéad; ceol agus ceardlanna rince agus amhránaíochta ar an Sean Nós.

Beidh Glór Teaghlaigh i gCorcaigh, líonra teaghlaigh atá ag tógáil páistí le Gaeilge i gCorcaigh agus Glór na nGael ag eagrú na himeachtaí, le tacaíocht ó Chiste Spreagtha Chonradh na Gaeilge. Beidh fáilte speisialta roimh teaghlaigh le Gaeilge & teaghlaigh na Gaelscoileanna a bheith i láthair.

Is féidir clárú ar Eventbrite: Lá na Gaeilge i gCorcaigh

Gach eolas ó cabrini@glornangael.ie

Má tá aon eagraíocht, grúpa Gaeilge nó Gaelscoil ar mian leo seastán eolais nó imeacht eile a chur ar siúl ar an lá, déan teagmháil le Cabríní de Barra ar 083 445 5914 chun é a phlé.

Ioslódáil clár an lae mar PDF