D’eagraigh BÁC le Gaeilge imeacht den scoth ar Lá Mór na Gaeilge ar an 11ú Bealtaine 2025. Bhailigh teaghlaigh Ghaelacha ó gach carn de Bhaile Átha Cliath le chéile i Margadh na Feirme chun an teanga a cheiliúradh i spiorad dearfach, bríomhar. Bhí líon mór teaghlaigh as líonraí Teanga Tí i láthair agus bhí an lá thar a bheith taitneamhach ag gach aoisghrúpa.
Tháinig na teaghlaigh le chéile ag 11:45 lasmuigh den phictiúrlann Light House. Bhí atmaisféar cairdiúil ann agus bhí deis ag tuismitheoirí agus leanaí bualadh le cheile arís agus aithne a chur ar a chéile don chéad uair i roinnt cásanna.
Cuireadh an scannán Rún Ceannannais ar an scáileán mór. Scéal eachtraíochta atá i Rún Cheannanais ina leanann muid Brendan, buachaill óg a chónaíonn i mainistir i gContae an Chláir sa 9ú haois. Bhain na páistí an-sult as, agus na tuismitheoirí chomh maith!
Nuair a chríochnaigh an scannán, bhailíomar le chéile arís lasmuigh den phictiúrlann, áit ar lean an spraoi agus an spleodar ar aghaidh. Thug na Fanzini Brothers léiriú iontach greannmhar dúinn, a mheall gáire agus iontas ó lucht féachana óga agus fásta araon.
Ina dhiaidh sin, chuir Julie Anne de Brún ceol, scéalaíocht agus draíocht le chéile, agus sheol sí draíocht fhíorúil thar an slua óg. Tá bua ag Julie Anne le leanaí a mhealladh agus a spreagadh trí mheán na Gaeilge, agus léirigh sí arís eile an tábhacht a bhaineann le cur chuige dearfach agus spraíúil.
Ba lá fíor-éifeachtach é seo i gcothú pobail, i gcur chun cinn na Gaeilge, agus i dtreisiú na bhféidearthachtaí atá ann don teanga i saol teaghlaigh na cathrach. Is mór ag Teanga Tí an obair agus an dúthracht a chuir BÁC le Gaeilge isteach chun imeacht den scoth mar seo a chur ar fáil do theaghlaigh Ghaeilge i mBaile Átha Cliath. Go maire na laethanta mar seo!