Site logo

Lá eolais agus oiliúna faoin chomórtas nua do choistí Ghlór na nGael

Ag teacht i ndiaidh seoladh an leagan nua de chomórtas Ghlór na nGael ag Oireachtas na Samhna tá lá eolais agus oiliúna dhá eagrú ag Glór na nGael do choistí Ghlór na nGael ar an 20 Feabhra 2020.

Beidh aoí-chainteoirí ag plé le bealaí éifeachtach tabhairt faoi na réimsí éagsúla, sean chinn agus na réimsí nua, i gcomórtas Ghlór na nGael.

Beidh Cuimín Mac Aodha Buí agus Bairbre Uí Theigheáin ann ag labhairt faoi sláinte intinne agus coirp agus na seirbhísí Gaeilge atá ar fáil ón Feidhmeannas Seirbhísí Sláinte; beidh Órla de Búrca ag caint faoi sheirbhísí an Choimisinéara Teanga; Peadar Ó Caomhánaigh, Comhairleoir tofa, ag labhairt ar caomhnú timpeallachta; Caolán Mac Grianna ag caint faoin óige agus beidh cainteoirí eile ann ar an lá.

Tá leabhrán eolais a dhéanann cur síos ar an leagan amach nua den chomórtas ar fáil anseo:  Leabhrán eolais

Láthair:
Aras Chrónáin
Cluain Dolcáin
Baile Átha Clia

Eolas: Eoghan Mac Cormaic 085 7187678