Site logo

An Lá Dearg: Ráiteas ó Cheannasaí Ghlór na nGael

A chairde,

Iarraim oraibh gach tacaíocht a thabhairt don fheachtas atá ar bun le hAcht Gaeilge a chinntiú do lucht labhartha na teanga sna Sé Chontae. Tá Glór na nGael sásta €150 a chur i dtreo costas cíosa bus, muna bhfuil bus curtha in áirithint cheana féin, d’aon ghrúpa atá cláraithe le Glór na nGael.

Baineann na cearta teanga, nó easpa cearta sa chas seo, linn ar fad atá inár gcónaí ar oileán na hÉireann. An rud a láidríonn an Ghaeilge i mBéal Feirste láidríonn sé an teanga i mBeanntraí. Ar an lámh eile, lagaíonn easpa cearta an duine i nDoire an Ghaeilge atá á labhairt ag an duine i nDún Dealgan.

Is ceist teanga í seo agus ní ceist réigiúnach. Ní aithníonn teanga teorann. Is aon ghluaiseacht amháin í gluaiseacht na Gaeilge, a thacaíonn lena chéile go leanúnach.

Ar an Satharn 20 Bealtaine, ag meán lae, eagrófar mórshiúl ó Chultúrlann Mac Adam/Ó Fiaich i mBéal Feirste chomh fada le Halla na Cathrach. Le linn na siúlóide seo déanfar agóid agus ceiliúradh glórach, ag éileamh Acht na Gaeilge do phobal na Gaeilge.

Is féidir teagmháil a dhéanamh liom nó le Frainc Mac Cionnaith @ frainc@glornangael.ie (Bainisteoir Forbartha Pobail Ghlór na nGael) má tá spéis ag aon ghrúpa glacadh leis an gcúnamh seo.

Lorcán Mac Gabhann
Ceannasaí