Tá Daidí na Nollag Ag Teacht Go Luath!
Beidh imeachtaí na Nollag á n-eagrú ag Teanga Tí (Glór na nGael) ó cheann ceann na tíre do theaghlaigh atá ag tógáil clainne le Gaeilge.
Tosaíodh an séasúr cheana nuair a thug Daidí na Nollag cuairt ar Áras Chronáin Dé Sathairn seo caite ach ní raibh ann ach an tús!
Beidh fear na culaithe deirge ar chamchuairt sna seachtainí beaga romhainn agus é ar lorg comhairle ó na páistí faoina gcuid orduithe.
Beidh sé ag taisteal ar luas lasrach ó bhaile go baile agus é ar a mhisean chun sonas na Nollag a chinntiú.
Dé Sathairn 30 Samhain
Beidh teaghlaigh le Gaeilge i mBéal Feirste ag teacht le chéile le haghaidh geamaireacht na Nollag. Tuigtear go dtabharfaidh sé cuairt ar Chultúrlann McAdam Ó Fiaich don ócáid sin!
Dé Sathairn 7 & Dé Domhnaigh 8 Nollaig
Beidh Daidí na Nollag in Áth na Long, Contae an Dúin agus an lá dar gcionn, beidh sé in Inis agus sa Chabhán.
Dé hAoine 13 & Dé Sathairn 14 Nollaig
Beidh sé i Leitir Ceanainn ar an Aoine agus ansin buailfidh sé isteach chuig Inse Chór, Baile Átha Cliath, Dún Garbhán, Cill Chainnigh, Muineachán agus Iúr Cinn Trá agus ar ais arís i Leitir Ceanainn ar 14 Nollaig! Sa mhullach air sin uile, beidh teaghlaigh Ghaeilge ag bailiú le chéile do gheamaireacht na Nollag i gCorcaigh.
Tá foireann Theanga Tí i mbun cainte le Daidí na Nollag maidir le cuairteanna eile ar Chaisleán Uidhilín, Co. an Dúin agus Cluainín i gContae Liatroma.
Chomh maith leis na himeachtaí, tá acmhainní nua ar fáil ar shuíomh Siopa Údar díreach in am do Sheó na mBréagán oíche Dé hAoine 6 Nollaig! Is féidir teacht orthu anseo.
Tá tuilleadh eolais faoi na himeachtaí seo ar fad ar fail ó fhoireann Teanga Tí.