Tá Cumann Naomh Peregrine (CNP) lonnaithe in gCluain Saileach i mBaile Átha Cliath 15. Bunaíodh an club I 1978, agus ainmníodh é in ómós do Naomh Peregrine, Iodálach a mhair sa tríú aois déag. Tá sé ina phátrún ar fhulaingeoirí ailse agus tá rian an chineáltais agus an mhuintearais le feiceáil sa chlub.
I Mí Feabhra na bliana seo sheol Coiste na Gaeilge sa chlub a rannpháirtíocht I bhFondúireacht Sheosaimh Mhic Dhonncha. D’eagraigh siad imeachtaí ar feadh na deireadh seachtaine, Preab Gaeltacht agus Comórtas don ‘Chlann is Aclaí sa Chlub’ ina measc. Tháinig an pearsa spóirt clúiteach Brian Cody chomh fada leo agus thug sé aitheasc trí Gaeilge ar an oíche oscailte.
Ó shin tá CNP ag obair leo ag ardú stádas na Gaeilge sa chlub. Tá fógraí dátheangacha crochta sa chlubtheach, bíonn Preab Gaeltachtaí go rialta acu i gcomhar le Pobail Gaeilge 15 agus anois tá deichniúir ag feidhmiú ar Choiste na Gaeilge sa chlub. Faoi threoir an Oifigigh Gaeilge, Treasa Ní Ghrádaigh, tá siad ag súil le bonn cré umha a bhuachaint i mbliana agus b’fhéidir ceann ag leibhéal níos airde amach anseo.
Is scéim tacaíochta de chuid Ghlór na nGael agus de chuid Chumann Lúthchleas Gael í Fondúireacht Sheosaimh Mhic Dhonncha, ar mhaithe le clubanna CLG ar mian leo an Ghaeilge a chur chun cinn. Is féidir tuilleadh eolais faoin scéim a léamh anseo nó bí i dteagmháil linn ag clg@glornangael.ie