Tá Grúpa Tuismitheoirí agus Leanaí ag Clubtheach Naomh Uinsionn CLG, Marino, ag tabhairt deiseanna iontacha do thuismitheoirí agus do leanaí óga a bheith páirteach i dtimpeallacht thacúil, bhríomhar trí Ghaeilge go seachtainiúil. Buaileann an grúpa seo le chéile gach Déardaoin idir 10:00-11:00, áit a mbíonn leanaí agus tuismitheoirí in ann a scileanna sóisialta agus forbartha a chothú i spás soisialta, neamhfhoirmiúil agus cairdiúil.
Ceann de na daoine atá ag déanamh obair na gcapall chun an grúpa seo a reáchtáil ná Ciara Nic Giolla Bhríde. Is tuismitheoir áitiúil agus múinteoir bunscoile í Ciara, a bhfuil paisean ar leith aici do thacaíocht phobal tuismitheoirí agus don Ghaeilge. Tá Ciara lárnach leis an ngrúpa a reáchtáil, ag cinntiú go bhfuil atmaisféar fáiltiúil agus taitneamhach i gcónaí ann do gach duine a fhreastalaíonn air, chomh maith le tae agus caife a chur ar fáil!
Ní fhéadfaí an grúpa a reáchtáil gan tacaíocht an Chathaoirligh Hugh Ó Néill, atá thar a bheith sásta cuidiú leis an ngrúpa trí sheomra a chur ar fáil do na himeachtaí seachtainiúla seo. Thar aon ní eile, léiríonn sé díograis agus tiomantas mór chun tacú le forbairt phobail áitiúil agus leasa teaghlaigh agus cuireann sé leis an dea-chaidreamh atá ag Glór na nGael leis an CLG.
Is deis iontach é an grúpa seo do thuismitheoirí bualadh le chéile, nasc a chruthú le daoine eile sa phobal, agus am spraíúil a chaitheamh lena leanaí. Is imeacht saor in aisce é an ghrúpa seo agus ní gá clárú roimh ré, tá fáilte roimh chách!
Má tá tuilleadh eolais uait faoi na himeachtaí i mBaile Átha Cliath, is féidir teagmháil a dhéanamh le Tara ag tara@glornangael.ie
Tara Dunne-Uí Admhaill