Rugadh Ceithleann i mBaile Átha Cliath ach tógadh í i nGaoth Dobhair. Tá sí ag obair mar Oifigeach Forbartha sa Rannóg Fiontraíochta agus Gnó agus í ag freastal ar Chúige Uladh agus Laighean.
Tá sí i mbun MSc sa Bhainistíocht & Gnó Digiteach le DCU faoi láthair agus tá MA aici i Scríobh agus Cumarsáid na Gaeilge ó UCD.
Chaith sí trí bliana ag obair le Gael Linn i mBaile Átha Cliath leis an scéim ‘Gaelbhratach’ agus le Scéimeanna Oideachasúla na heagraíochta. Roimhe sin chaith sí seal ag obair le Cois Life, An Siopa Leabhar agus Apple. Tá Ceithleann mar bhall de chomhairle lucht féachana TG4. Tá suim aici sna meáin, sa cheol agus is maith léi a bheith ag taisteal.