Site logo

Gríosaigh do Pháiste Chun Cainte

Is féidir le tuismitheoirí an t-uafás a dhéanamh chun cabhrú le forbairt scileanna urlabhra agus teanga a bpáistí.

Seo a leanas cúpla nod a bheith ina chabhair sa phróiseas sealbhú teanga sin don pháiste.

Is fiú a chuimhniú nach mbíonn gach páiste mar a chéile ach ar ar mheán bíonn siad ag rá roinnt focail simplí faoin chéad bhreithlá.

Bí cinnte go mbíonn an páiste páirteach i ngníomhaíochtaí an lae agus labhair leo faoi gach rud atá ar siúl agat féin, cosúil le: ”Tá muid chun na héadaí a chrochadh ar an líne” agus “Cuirimis glao ar Mhamó.”

Labhair go mall agus go beacht le páistí. Cabhraíonn sé le forbairt a scileanna tuisceana má labhraítear níos moille ná mar is ghnáth.

Éist agus tabhair freagra d’iarrachtaí cumarsáide ó pháiste. Cuir ainm ar rudaí a léiríonn siad spéis iontu, déan gáire leo agus labhair leo nuair a dhéanann siad gáire leat.

Cuir ceisteanna maithe orthu a ghríosaíonn iad chun cainte leat agus a léiríonn go bhfuil spéis agat ina gcuid smaointe féin.

Is ceisteanna maithe iad na ceisteanna iarrann freagra níos faide ná “Sea” nó “Tá.”Mar shamlpa: “Ar mhaith leat rud amháin nó rud eile?” nó “Cad é atá ar siúl anseo?”

Cuir foclaíocht le gníomhaíochtaí do pháistí. Déan cur síos ar cad atá á dhéanamh acu nó cad é tá siúl agat féin. Mar shampla: “Tá mé chun cluidín glan a chur ar Máire. “ “Seán bocht! Tá sé ag gol.”

Cuir focail sa bhreis lena n-abairtí. Tá tú ag léiriú dóibh gur chuala tú agus gur thuig tú a gcaint agus tá tú ag cabhrú leo leagan níos aibí a shealbhú. Mar shampla: nuair a deir said “carr”, abair leo “Féach ar an gcarr!” Nó nuair a deir siad “Briosca,” abair leo “Ar mhaith leat briosca?”

Déan aithris ar gheaitsíocht pháiste. Tugann seo le fios go bhfuil spéis agat ina gcuid gníomhaíochtaí. Déan cluiche as ionas go dtosóidh siad ag déanmh aithris ort, mar shampla má bhuaileann siad a mbosa le chéile déan aithris orthu, má dheir siad “u ó, abair an rud céanna.”

Trí chluichí athráite cosúil le ‘gíosc a bú’ fág gach dara imirt faoin bpáiste féin. Is córas tábhachtach é seo le comhrá a spreagadh agus d’fhorbairt fuaimfhoclaíochta agus rithim na cainte.

Cas amhráin agus rannta leanaí. Cas iad tú féin ar dtús agus ná bí ag brath rómhinic ar dhluthdhioscaí nó físeáin. Ag an tús, téigh níos moille agus déan athrá go minic. Spreagann seo fuaimfhoclaíocht agus rithim cainte i slí atá suaimhneach agus sultmhar.

Imir le páistí ar an urlár, aghaidh ar aghaidh. Déan aithris ar imirt an pháiste le carranna, bricí agus gligíní srl.

Déan fuaimeanna, déan cur síos ar ghníomhaíocht an pháiste, lig don pháiste an cluiche a stiúradh agus lean é. De réir a chéile bain úsáid as bréagáin agus fíorearraí don chluiche. Cothaigh teidí, cuir teidí a chodladh, dúisigh é, triomaigh a dheora srl.

Bí ag caint de shíor faoin rud atá ar siúl agat. Tá gach seans ann go dtosóidh na páistí féin ar an imirt shamhlaíoch seo ar a gconlán féin.

Má fhéachann do pháiste ar an teilifís, féach ar na cláracha in éineacht leo agus dean plé orthu ina dhiaidh.

Féach orthu agus léigh scéalta a bhfuil léaráidí ann le do pháistí. Baineann páistí ag aois trí mhí fiú, taitneamh as leabhair le pictiúirí ata aitheanta dó.

Má tá tú ag obair go lánaimseartha, déan gach iarracht go mbeidh caidreamh socair leanúnach ag páistí le gogamán a labhróidh Gaeilge leo agus tusa as baile.