Site logo

Grianghraif den Chéad Lá ar Scoil, Comhairle do Thuismitheoirí

An bhfuil tú ag roinnt níos mó ná a bhí tú ag iarraidh?

Is cúis bróid é do neart tuismitheoirí an chéad lá ar an Naíscoil, ar an Bhunscoil nó ar an Mhéanscoil. Is rud nadúrtha é gur mhaith leo na grianghraif de na páistí agus cuma an-snasta orthu ina n-éide nua a roinnt le clann agus cairde.

Ach ní mór dúinn bheith cúramach faoin mhéid eolais a chuirimid ar-líne. Taispeánann grianghraif den chinéal seo aghaidh an pháiste, go minic bíonn ainm luaite leis, éide scoile le lógó na scoile air agus in amanna bíonn an seoladh le tabhairt le fios chomh maith. Ar an drochuair, tá daoine ann a bhainfidh mí-úsáid as an eolas seo.

Mar sin, déan cinnte go bhfuil do shocruithe ar na meáin shóisialta príobhaideach nó, níos fearr arís, bain úsáid as teachtaireacht príobhaideach nó grúpa dúnta le grianghraif a chur chuig clann agus cairde.

 

Ag guí gach rath ar na páistí uilig sa scoilbhliain úr.