Site logo

Gradam Ghlór na nGael le bronnadh in ómós do Shéamus Mac Géidigh

Fógraíodh ar an chlár Iris Aniar ar RTÉ Raidió na Gaeltachta Dé hAoine, go bhfuil Gradam Ghlór na nGael le bronnadh ar theaghlach Shéamuis Mhic Géidigh i gcuimhne agus in ómós dó, agus don obair uilig a rinne sé ar choiste Ghlór na nGael Ghort an Choirce.

Dúirt Nóra Welby, Oifigeach Forbartha agus Bainisteoir na gComórtas ag Glór na nGael, ar RTÉ Raidió na Gaeltachta:

“Bronntar an gradam seo ar dhaoine, ar ghrúpaí nó ar eagrais go bhfuil éacht déanta acu don phobal nó ar son na Gaeilge.”

“Mar atá’s ag an bpobal, craoltóir cumasach, ildánach agus sár-thráchtaire spóirt ab ea Séamus, agus fear é a bhí sáite i gcúrsaí pobail. Bhí sé thar a bheith gníomhach i gcoiste Ghlór na nGael Ghort an Choirce …. agus is mór an onóir dúinne an gradam seo a bhronnadh ar chlann Shéamuis ina onóir.”

Labhair Ceannaire RTÉ Raidió na Gaeltachta Edel Ní Chuireáin ar an gclár.

“Thar ceann an Raidió, ba mhaith liom ár mbuíochas a chur in iúl daoibh as smaoineamh ar Shéamus, agus Gradam Ghlór na nGael na bliana seo a bhronnadh air.”

“Léiríonn sé an meas agus an méid ómóis a bhí, agus atá agaibh, don obair a rinne Séamus. Bheadh sé iontach bródúil as an aitheantas seo ó cheann de mhór-eagraíochtaí Gaeilge na tíre.”

“Tá’s agam go bhfuil lúcháir ar theaghlach Shéamuis go bhfuiltear ag cuimhniú air ar an bhealach seo.”

Dúirt Edel gur chreid Séamus go láidir in obair Ghlór na nGael, agus an tábhacht a bhaineann leis.

Bronnfaidh Uachtarán na hÉireann, Mícheál D. Ó hUiginn, an gradam ar theaghlach Mhic Géidigh ag ócáid bhronnta dhuaiseanna Ghlór na nGael i dTeach Carton i Maigh Nuad ar 22 Aibreán 2017.