Site logo

Foireann GRADAIM

Frainc Mac Cionnaith

Leas-cheannasaí, Bainisteoir Forbartha, Gnó agus Fiontraíocht
Frainc Mac Cionnaith

Leas-cheannasaí, Bainisteoir Forbartha, Gnó agus Fiontraíocht

Tá Frainc Mac Cionnaith ag obair mar Bhainisteoir ar an Rannóg Fiontraíochta agus Gnó ó bhí 2021 ann. Tá an scéim 'GRADAIM Gnó na hÉireann', Comórtas Glór na nGael, Comórtas na gCumann Gaelach agus Veain Taispeántais COGG faoina chúram. Roimhe seo, chaith sé seal 6 bliain mar Bhainisteoir ar an Rannóg Forbartha Pobail idir 2015 agus 2021. Ceapadh Frainc ina Leascheannasaí ar Ghlór na nGael i 2023.
Is as Caisleán Uidhilín i gContae an Dúin ó dhúchas dó agus tá cónaí air anois i bparóiste Chill Chua sa chontae sin. Bhí sé ina Bhainisteoir Imeachtaí & Margaíochta i gCultúrlann McAdam Ó Fiaich i mBéal Feirste ar feadh seacht mbliana.

+353 (0)83 4429811

Pádraig Ó Neachtain

Oifigeach Forbartha
Pádraig Ó Neachtain

Oifigeach Forbartha

Tá Pádraig Ó Neachtain ag obair leis an Rannóg Teaghlaigh 'Teanga Tí'. Is as Cois Fharraige, Co. na Gaillimhe dó ó dhúchas.  Tá sé ag feidhmniú ar son Ghlór na nGael in iarthar agus i lár na tíre.

00353 (0)851274657

Ceithleann Ní Dhuibhir Ní Dhúlacháin

Oifigeach Forbartha Fiontraíochta agus Gnó
Ceithleann Ní Dhuibhir Ní Dhúlacháin

Oifigeach Forbartha Fiontraíochta agus Gnó

Rugadh Ceithleann i mBaile Átha Cliath ach tógadh í i nGaoth Dobhair. Tá sí ag obair mar Oifigeach Forbartha sa Rannóg Fiontraíochta agus Gnó agus í ag freastal ar Chúige Uladh agus Laighean.
Tá sí i mbun MSc sa Bhainistíocht & Gnó Digiteach le DCU faoi láthair agus tá MA aici i Scríobh agus Cumarsáid na Gaeilge ó UCD.
Chaith sí trí bliana ag obair le Gael Linn i mBaile Átha Cliath leis an scéim 'Gaelbhratach' agus le Scéimeanna Oideachasúla na heagraíochta. Roimhe sin chaith sí seal ag obair le Cois Life, An Siopa Leabhar agus Apple. Tá Ceithleann mar bhall de chomhairle lucht féachana TG4. Tá suim aici sna meáin, sa cheol agus is maith léi a bheith ag taisteal.

+353 (0)86165 9866

Déan teagmháil linn