Site logo

Bunaíodh Comórtas Ghlór na nGael breis agus 50 bliain ó shin chun aitheantas a thabhairt ar obair choistí agus ghrúpaí pobail ar fud na tíre i gcur chun cinn na Gaeilge.

Tá fás suntasach tagtha ar an gcomórtas thar na blianta go dtí an stád reatha, ina bhfuil comórtas le duaischiste de níos mó ná €80,000 agus rannóga éagsúla a chlúdaíonn, sainchomórtais d’Institiúidí Tríú Leibhéal agus coistí pobail Gaeilge éagsúla in Éireann. Tugtar deis freisin do choistí dul i gcomórtas do réimse leathan duaiseanna speisialta ó bhliain go bliain.

Mar chuid dá ndualgais, ag plé le Gaeilge sa Teaghlach, Gaeilge sa Ghnó, agus Forbairt Phobail Ghaeilge freastalann Oifigigh Forbartha Ghlór na nGael ar choistí, ag cuidiú leo clárú, ag cuidiú le pleananna oibre a fhorbairt, agus ag roinnt eolais faoi scéimeanna nó áiseanna a bheadh ar fáil do choistí, teaghlaigh nó gnónna. Tugtar cuairteanna timireachta ar gach coiste a chláraíonn i rith bliain an chomórtais le cúnamh agus comhairle a thabhairt go rialta.