Site logo

Deontas €602,000 ceadaithe do scéim GRADAIM Gnó na hÉireann

Is cúis áthais do Ghlór na nGael a fhógairt go bhfuil deontas de €602,000 ceadaithe ag an Aire Stáit sa Roinn Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán, Jack Chambers T.D., thar tréimhse trí bliana, chun forbairt a dhéanamh ar an scéim GRADAIM Gnó na hÉireann.
Dúirt Bainisteoir Forbartha, Gnó agus Fiontraíocht Ghlór na nGael, Frainc Mac Cionnaith, go gcinntíonn an tacaíocht seo todhchaí na scéime. “Is dea-scéal é seo dúinn cinnte” a dúirt Mac Cionnaith. “Sheol an Taoiseach Mícheál Martin an scéim i mí na Samhna 2021. Beidh sé ar ár gcumas anois breis foirne a earcú agus an scéim a fhorbairt le riaradh a dhéanamh agus seirbhís a chur ar fáil do suas le 200 gnóthlacht in aghaidh na bliana.”
Is scéim aitheantais í GRADAIM do ghnólachtaí atá ag úsáid na Gaeilge mar chuid den ghnó, nó atá ag cur seirbhíse trí Ghaeilge ar fáil dá gcustaiméirí. Bronnadh Gradaim ar 85 gnóthlacht ag mórócáid i Halla na Cathrach i mBaile Átha Cliath an tseachtain seo caite as méid áirithe a dhéanamh maidir le úsáid na Gaeilge faoi thrí mhór-réimse, mar atá Comharthaíocht, Brandáil agus Margaíocht agus Seirbhís Ghaeilge do Chustaiméirí & Cliant.

Léiríonn an comhartha GRADAIM don phobal go bhfuil meas ag an ghnó don Ghaeilge agus do lucht labhartha na Gaeilge. Cuireann sé in iúl chomh maith do phobal na Gaeilge go bhféadfaidh bheith ag súil le leibheál airithe seirbhíse inár dteanga féin.

Cuirfear tús le babhta clárúcháin eile go luath sa bhliain nua.

Tá gach eolas faoin scéim ar fáil: www.gradaim.ie