Site logo

GRADAIM Gnó na hÉireann – Seolta

Sheol an Taoiseach an scéim nua GRADAIM Gnó na hÉireann inniu 04 Samhain 2021, scéim a chuirfidh an Ghaeilge go mór chun tosaigh sa ghnó sna blianta romhainn.

Dúirt an Taoiseach Micheál Ó Máirtín “Tá fhios againn an tionachar a bhíonn ag lucht gnó go háirithe leis an Ghaelainn a chur chun cinn. An teanga is rud é a chleachtaíonn tú a lá indiaidh lae. Nuair a bhíonn tú ag déanamh do chuid siopadóireachta nó ag dul timpeall na sráide is iontach an scéal go mbeidh tú in ann an chomharthíocht a fheiscint agus an Ghaeilge a labhairt.”

Is scéim aitheantais í GRADAIM do ghnólachtaí atá ag úsáid na Gaeilge mar chuid den ghnó, nó atá ag cur seirbhíse trí Ghaeilge ar fáil dá gcustaiméirí.  Bronnfar na gradaim ar ghnóanna as méid áirithe a dhéanamh maidir le úsáid na Gaeilge faoi thrí mhór-réimse, mar atá 1. Comharthaíocht 2. Brandáil agus Margaíocht 3. Seirbhís Ghaeilge do Chustaiméirí & Cliant.  Cuirfidh aitheantas ó GRADAIM le fios don phobal go bhfuil caighdeán áirithe bainte amach ag an ghnó sna réimsí sin.

Is é Glór na nGael, ceanneagraíocht Ghaeilge le freagrachtaí an Ghaeilge a chur chun cinn sa ghnó atá ag riarú na scéime seo.

Tá 62 grúpa pobail Gaeilge tríd an tír cláraithe le Glór na nGael chun cuidiú leis an scéim a chur i bhfeidhm go háitiúil.  Déanfaidh siad gnólachtaí a chlárú leis an scéim agus cuirfidh siad cuidiú agus comhairle ar fáil dóibh agus iad ag obair tríd an liosta de ghníomhaíochtaí molta.

Faoi dheireadh 2022 tá Glór na nGael ag súil go mbeidh 200+ gnólacht cláraithe leis an scéim  agus go mbeidh tionchar mór ag GRADAIM ar nósanna úsáide teanga in earnáil an ghnó sna blianta atá le teacht.

Is féidir le gnólachtaí clárú anois chun bheith páirteach sa scéim ag gradaim.ie agus bronnfar an chéad babhta de ghradaim ag ócáid i dtreo dheireadh 2022.

Frainc Mac Cionnaith, Bainisteoir Forbartha Fiontraíochta agus Gnó, “Tá áthas orm go bhfuil scéim deartha agus i bhfeidhm againn anois a rachaidh i bhfad chun áit a chinntiú don Ghaeilge sa ghnó. Is iontach an áis í dúinn scéim náisiúnta, aitheanta bheith ann mar spreagadh agus mar threoir don lucht ghnó leis an Ghaeilge a chun chun tosaigh.  Comhartha aitheanta a bheas i GRADAIM a chuirfidh in iúl don chustaiméir cá mbíonn teacht ar leibhéil eagsúla seirbhíse le Gaeilge ina gceantar féin.”

Aithníonn Glór na nGael ionchur na  heagraíochtaí seo a leanas i bhforbairt straitéise don réimse ghnó agus i bhforbairt na scéime seo: Foras na Gaeilge, Údarás na Gaeltachta, Gnó Mhaigh Eo, Comhairle Cathrach Bhéal Feirste, Gaillimh le Gaeilge, Gael Taca, Comhairle Contae Chiarraí, Dún Garbhán le Gaeilge, Líonra Leitir Cheannainn, An Clár as Gaeilge agus Muintir Chrónáin.