Site logo

GRADAIM Gnó na hÉireann le bronnta ar 85 gnólacht

Bronnadh comharthaí GRADAIM Gnó na hÉireann ar 85 gnólacht ag mórócáid i Halla na Cathrach, Baile Átha Cliath ar an 15ú Samhain 2022. Is í Síle Seoighe, an réalt teilifíse an aoi speisialta a rinne an bronnadh agus is í Sinéad Ní Uallacháin (RTÉ) a bhí mar bhean an tí.

Is í seo an chéad bhliain den scéim náisiúnta aitheantais GRADAIM Gnó na hÉireann, a d’fhorbair Glór na nGael, ina ndéantar ceiliúradh ar shaothar na ngnólachtaí don Ghaeilge.

Bronnadh boinn óir, airgid agus cré-umha ar na gnólachtaí i dtrí réimse (Comharthaíocht, Margaíocht agus Brandáil, Seirbhís i nGaeilge) mar thoradh ar phróiseas mheasúnaithe na scéime, a tharla le linn mhí Mheán Fhómhair.

Mhínigh Frainc Mac Cionnaith, bainisteoir na scéime i nGlór na nGael, go dtabharfaidh comharthaí GRADAIM le fios don phobail cén saghas seirbhíse agus comharthaíochta Gaeilge ar féidir bheith ag súil leis ó na gnólachtaí rannpháirteacha.

“Don chéad uair riamh tá próiseas chuimsitheach mheasúnaithe, atá neamhspleách agus náisiúnta ann le eolas chruinn, deimhnithe agus cothrom le dáta a chur ar fáil don phobal maidir leis an saghas seirbhíse agus comharthaíochta Gaeilge ar féidir a bheith ag súil leis ó na gnólachtaí rannpháirteacha.” a dúirt Mac Cionnaith. “Déanaim comhghairdeas leis na gnólachtaí go léir agus molaim go hard iad as a ndiogras agus a dtiomántas agus dar ndóigh gabhaim buíochas leis na hionadaithe ó na coistí pobail timpeal na tíre atá ag tacú le cur chun cinn na scéime.”

Tá rannóg speisialta ‘Fiontraí Óg na Bliana’ sa scéim chomh maith a bhronntar ar bheirt duine óg a leíríonn bua don fhiontraíocht agus díogras don Ghaeilge. San aoisghrúpa 12-18, is í Róisín Dalby chéadbhuailteoir Fiontraí Óg na Bliana de chuid GRADAIM agus san aoisghrúpa 18 – 21, is í Aoibhín Ní Deá chéadbhuailteoir Fiontraí Óg na Bliana de chuid GRADAIM.

Bhain 17 gnólacht bonn óir amach sa trí réimse (Comharthaíocht, Margaíocht agus Brandáil, Seirbhís i nGaeilge) agus 49 gnólacht ar a bronnadh bonn amháin óir, ar a laghad, orthu.

Is scéim de chuid Ghlór na nGael í GRADAIM Gnó na hÉireann, le tacaíocht ón Roinn Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán agus ó Fhoras na Gaeilge.

Liosta na ngnólachtaí a fuair GRADAIM:

  • POTA Café, Co. na Gaillimhe
  • Aon Scéal Café, Co. Átha Cliath
  • Comhar Creidmheasa Ghaoth Dobhair, Co. Dhún na nGall
  • Drioglann Chroithlí, Co. Dhún na nGall
  • Amharclann Ghaoth Dobhair, Co. Dhún na nGall
  • An Croí, Co. Dhoire;
  • An Siopa Gaeilge, Co. Dhún na nGall
  • Brian de Staic Teoranta, Co. Chiarraí
  • Cló Iar-Chonnacht, Co. na Gaillimhe
  • Conradh na Gaeilge Boirche Íochtar, Co. an Dúin
  • Cultúrlann McAdam Ó Fiaich, Co. Aontroma
  • GTeic@Cill Charthaigh, Co. Dhún na nGall
  • LIGID Léiriúcháin, Co. Dhún na nGall
  • Líonra Leitir Ceanainn, Co. Dhún na nGall
  • Lóistín Teach Hiúdaí Beag, Co. Dhún na nGall
  • Margadh na Mairt Teo, Co. Dhún na nGall
  • Oideas Gael, Co. Dhún na nGall
  • Siopa an Carn, Co. Dhoire
  • Teach Solais Fhánada, Co. Dhún na nGall
  • Aerfort Dhún na nGall Co. Dhún na nGall
  • Teach Jack Co. Dhún na nGall
  • An Cailín Gruaige Siopa Gruaige Co. Dhún na nGall
  • Bob Griffins Co. Chiarraí
  • P.Mac Giolla Dé Búistéirí Co. Dhún na nGall
  • Bee Healthy Monaghan Co. Mhuineacháin
  • O’Flahertys Bar Co. Chiarraí
  • Teresa Mhic Dhonncha, Seirbhís Hoiméapaite Co. na Gaillimhe
  • Bus Feda Teoranta Co. Dhún na nGall
  • Oifig an Phoist, Doirí Beaga Co. Dhún na nGall
  • Beachoga Dhún na nGall – Donegal Bees Co. Dhún na nGall
  • Dinglegoldsmiths A.J.Bacaeir Teoranta Gaibhne Óir Chorca Dhuibhne Co. Chiarraí
  • Fiadh Co. Chiarraí
  • Clinic Cois Abhann Co. Chiarraí
  • KCLR Co. Chill Chainnigh
  • Prints of Ireland Co. Átha Cliath
  • An Lárionad Oideachais, Siopa Chúinne an Daingin Co. Chiarraí
  • Fadó Antiques & Framing Co. Chiarraí
  • Fitzgeralds Homevalue Co. Chiarraí
  • John Weldon Jewellers Co. Chiarraí
  • MacEoin General Merchants Co. Chiarraí
  • Murphy’s Ice Cream Co. Chiarraí
  • O’Donnell Fuels Crolly (Siopa Stiofan Anne) Co. Dhún na nGall
  • Paul Geaneys Co. Chiarraí
  • Solas Tapas Co. Chiarraí
  • Spar Doire Beaga Co. Dhún na nGall
  • Teach Tabhairne Uí Shearcaigh Co. Dhún na nGall
  • The Coach House Co. Chiarraí
  • Tigh Mhic Cárthaigh Co. Chiarraí
  • Walsh’s Pharmacy – Cógaslann Mhuintir Breathnach Co. Chiarraí
  • Bliss Ladies Fashions Co. Dhún na nGall
  • Dingle Bookshop Co. Chiarraí
  • Óstán na Sceilge Co. Chiarraí
  • Seed & Soul Co. Chiarraí
  • Chop Central Co. Chiarraí
  • Corveen Glen Meat Company Co. Dhún na nGall
  • Dingle Properties Co. Chiarraí
  • Ireland By Bike Co. Dhún na nGall
  • Kingdom Fresh Co. Chiarraí
  • Pure Beauty Co. Chiarraí
  • Sheehy’s Fish & Chip Takeaway Co. Chiarraí
  • Siúinéireacht Shéamuis Óig Co. Dhún na nGall
  • Teach Sheáin Óig Co. Dhún na nGall
  • Dréimire Language Services Co. Átha Cliath
  • GaelGoer, Co. Átha Cliath
  • Strand House Co. Chiarraí Dingledoc Co. Chiarraí
  • Tabhairne Leo Co. Dhún na nGall
  • Bialann Danny Minnie Co. Dhún na nGall
  • Óstán Benners Co. Chiarraí
  • MF Learning Seirbhísí Foghlama Co. Thír Eoghain
  • Sew it Seams Co. na Gaillimhe
  • An Cope, Siopa Anagaire Co. Dhún na nGall
  • Áras Uí Chonghaile Co. Aontroma
  • Bláthanna Tí Mhistéil Co. na Gaillimhe
  • Comhar Chreidmheasa Chorca Dhuibhne Teo Co. Chiarraí
  • Mara Beo Co. Chiarraí
  • Tigh Liam Co. na Gaillimhe
  • Wet & Wild Co. Dhún na nGall
  • An Ceathrú Póilí Co. Aontroma
  • Maisiúchán Phóil Ó Breisleáin Co. Dhún na nGall
  • Teach Tessie Co. Dhún na nGall
  • Ceimiceoir totalhealth Uí Dhomhnaill Co. Dhún na nGall
  • Crua Earraí Mhic Suibhne Co. Dhún na nGall
  • Sheehys Spar Co. Chiarraí Cáis Co. Chiarraí
  • Aerfort Dhún na nGall Co. Dhún na nGall
  • Comhar Creidmheasa Ghaoth Dobhair Co. Dhún na nGall
  • Drioglann Chroithlí Co. Dhún na nGall