Site logo

GRADAIM Gnó na hÉireann bronnta ar 146 gnólacht

Bronnadh comharthaí GRADAIM Gnó na hÉireann 2023 ar 146 gnólacht ag mórócáid i Páirc an Chrócaigh inniu an 15ú Samhain 2023. Ina measc na gnólachtaí bhí Tesco Ireland, JD Wetherspoon, agus Trócaire. Is í an láithreoir teilifíse Mary Kennedy a bhronn na Gradaim, agus ba í Sinéad Ní Uallacháin a bhí mar bean an tí.

Seo é an dara bhliain den scéim náisiúnta aitheantais GRADAIM Gnó na hÉireann atá á reachtáil ag Glór na nGael. Bronntar gradaim ar ghnólachtaí as méid áirithe a dhéanamh maidir le húsáid na Gaeilge faoi thrí mhór-réimse: 1. Comharthaíocht, 2. Brandáil agus Margaíocht, 3. Seirbhís i nGaeilge.

Bhain 26 as an 146 gnólacht bonn óir amach sa trí réimse agus bhain 74 eile acu bonn amháin óir, ar a laghad. Ó bunaíodh an scéim tá breis agus 480 bonn aitheantais bronnta.

Mhínigh Frainc Mac Cionnaith, bainisteoir na scéime i nGlór na nGael, go dtugann comharthaí GRADAIM le fios don phobail cén saghas seirbhíse agus comharthaíochta Gaeilge ar féidir bheith ag súil leis ó na gnólachtaí rannpháirteacha. 

“Is próiseas chuimsitheach mheasúnaithe, atá neamhspleách agus náisiúnta atá anseo le eolas chruinn, deimhnithe agus cothrom le dáta a chur ar fáil don phobal maidir leis an saghas seirbhíse agus comharthaíochta Gaeilge ar féidir a bheith ag súil leis ó na gnólachtaí rannpháirteacha.” a dúirt Mac Cionnaith. “Tá an t-aitheantas náisiúnta a bronnadh ar na gnólachtaí inniu idir beag agus mór tuillte acu. Déanaim comhghairdeas leo uilig, molaim go hard iad as a ndiogras agus a dtiomántas agus dar ndóigh gabhaim buíochas leis na hionadaithe ó na coistí pobail agus na hoifigigh pleanála teanga timpeall na tíre atá ag tacú le cur chun cinn na scéime.”

Sa rannóg speisialta ‘Fiontraí Óg na Bliana’ atá sa scéim tugadh aitheantas ar leith do bheirt duine óg a leírigh bua don fhiontraíocht agus díogras don Ghaeilge. I mbliana is iad Mia Nic Daibhéid (aoisghrúpa 18 – 21) as Anagaire i gCo. Dhún na nGall agus Ruairí Ó hÓgáin (aoisghrúpa 12-18) as Daingean Uí Chúis, i gCo. Chiarraí a thug leo an duais “Fiontraí Óg na Bliana”.

Is scéim de chuid Ghlór na nGael í GRADAIM Gnó na hÉireann. Faigheann Glór na nGael tacaíocht ón Roinn Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán agus ó Fhoras na Gaeilge.

Tá bonn óir sna trí réimse bainte amach ag an 26 gnólacht seo: 

Cogaslann Mhuintir Breathnach Daingean Uí Chúis, Co. Chiarraí
Teach Bhillie  Gort a’Choirce, Co. Dhún na nGall.
Clódóirí CL Print  Eastát Tionsclaíochta Chasla, Co. na Gaillimhe
Forbairt na Dromoda Teo Máistir Gaoithe, Cill Áirne, Co.Chiarraí
An Siopa Leabhar  6 Sráid Fhearchair Baile Átha Cliath 2
Seosamh Breathnach (hurley Fixer)  CLG Na Fianna, Bóthar Mobhí, BÁC
Connect The Dots Design  Béal Feirste
An Garraí Glas  Na Creagáin, Indreabhán, Condae na Gaillimhe
Óga Yoga,  Mullach Íde Baile Átha Cliath
Caifé Ceoil Áras Mhic Reachtain, Bóthar Aontroma, Béal Feirste
Siopa Údar,  Ráth Chairn, Co.na Mí
Kombucha Na Dálaigh,  Gort a’Choirce, Co. Dhún na nGall.
OQ Education Contae Shligigh
An Spailpín Fánach, Ceardlann An Spidéil, Co.na Gaillimhe
Beatha  Sráid an Doirín Daingean Uí Chúis Co.Chiarraí
Corcra Media Cultúrlann McAdam Ó Fiaich, Béal Feirste
Aran Úna @ Caifé Úna Inis Oírr, Co.na Gaillimhe
Stiúideo Feirste 30 Sráid Dhubhaise, Aontroim
Tesco, Siopa an Phobail, Indreabhán, Co.na Gaillimhe
Teanga Mhilis, Ceatharlach.
Cinnteacht,  Iúr Chinn Trá, Co.an Dún
An Capall Dubh Sráid an Dóirín, Daingean Uí Chúis Co.Chiarraí
Cúram Lae An Droichead Sráid Cooke, Béal Feirste
T O Maille Teo. Rosmuc, Co.na Gaillimhe
An Lon Dubh  30 Sráid Dhubhaise Béal Feirste