Gradaim Gnó na hÉireann ag teacht go Luimneach

Beidh seisiún eolais maidir leis an scéim GRADAIM Gnó na hÉireann in Óstán an Strand i Luimneach ar an 25ú Iúil, 2024, ag 7 i.n. Comhluadar Luimnigh agus Glór na nGael atá ag comheagrú na himeachta seo. Beidh oifigeach forbartha Ghlór na nGael, Pádraig Ó Neachtain, i láthair le plé a dhéanamh ar an chaoi a n-oibríonn GRADAIM Gnó na hÉireann agus foghlaimeoidh na rannpháirtithe faoin dtacaíocht atá ar fáil ó Fhoras na Gaeilge do ghnólachtaí a úsáideann Gaeilge.

Beidh an ócáid seo ina deis líonraithe freisin do ghnólachtaí i Luimneach chun nascanna a thógáil lena chéile agus a dtaithí ar úsáid na Gaeilge a roinnt. Is deis í chun dul i mbun cainte le comhghleacaithe agus foghlaim óna chéile.

Beidh Foireann Chomhluadar Luimnigh i láthair chun na hacmhainní a chuireann siad ar fáil do ghnólachtaí áitiúla a phlé. Is fianaise í an ócáid seo ar an chaoi atá fás tagtha ar an Ghaeilge i saol an ghnó le blianta beaga anuas. 

Is féidir clárú don ócáid ag na ríomhphoist seo: eolas@comhluadarluimnigh.ie / padraig@glornangael.ie

Roghnaigh do theanga / Choose your language