Site logo

GRADAIM Fiontraí Óg na Bliana 2023 bainte ag Mia Nic Dáibhéid ó Anagaire, Dún na nGall agus ag Fíricí Fánacha, ceathrar fear óg ó Chorcra Dhuibhne

Thug Mia Nic Dáibhéid as Anagaire agus “Fíricí Fánacha”, ceathrar fear óg ó Chorcra Dhuibhne leo Gradaim ‘Fiontraí Óg na Bliana 2023’ ag mórócáid Gradaim Gnó na hÉireann sa Hogan Suite i bPáirc an Chrócaigh ar an 15ú Samhain 2023. Ba í Mary Kennedy, an láithreoir clúiteach teilífíse a bhronn na gradaim i mbliana.

Is iad “Fíricí Fánacha” a thug leo an gradam i rannóg 1 (aoisghrúpa 12-18), agus Mia Nic Dáibhéid as Anagaire a thóg an duais i rannóg 2 (aoisghrúpa 18 – 21) de chomórtas Fiontraí Óg na Bliana de chuid GRADAIM 2023.

Bronntar dhá ghradaim ar leith le linn searmanas bronnta GRADAIM ar bheirt duine óg a léiríonn bua don fhiontraíocht le Gaeilge. Léiríonn buaiteoirí ‘Fiontraí Óg na Bliana’ na tréithe seo a leanas; bua don fhiontraíocht, cumas samhlaíoch ina c(h)ur chuige, íomhá dhearfach i leith na Gaeilge a chur chun tosaigh, seirbhís le Gaeilge don chustaiméir nó don chliant.

Ó Ghaeltacht Chorca Dhuibhne i gContae Chiarraí do Ruairí Ó hÓgáin, Diarmuid Ó Seaghadha, Leo de Brún and Cathal Ó Dufaigh.  Bhunaigh siad an chomhlacht Fíricí Fánnacha mar thionscadal idirbhliana ar Phobalscoil Chorca Dhuibhne.  Chruthaigh siad an cluiche ‘Fíricí Fánacha’, ar chluiche quiz é i nGaeilge bunaithe ar an spóirt. Tá 200 ceist ann faoin CLG, rugbaí, sacar, agus spóirt eile atá clóite ar chartaí agus ar díol go háitiúil agus ar líne. Tá súil acu a gcuid díolacháin a leathnú chuig margadh níos leithne amach anseo. Deir na moltóirí go bhfuil bua ar leith ag na fir óga seo don fhiontraíocht agus go bhfuil paisean acu don Ghaeilge agus don spóirt.

Is as Anagaire i nGaeltacht Dhún na nGall do Mia Nic Dáibhéid a thosaigh a gnó fein ag díol uachtar reoite ar láthair an ghnó teaglaigh.  D’oscail sí Siopa Uachtar Reoite Mhic Dhaibhéid 2021. Deir Mia go raibh sí ag iarraidh gnó a bhunú le tamaill agus thapaigh sí an deis.  Tá an siopa ag fás gach uile lá ó shin de bharr saothar an deichniúir atá anois ag obair ann agus dá bharr úsáid cliste na meáin shoisialta.  Chonaic 300,000 duine an chéad físéan a rinne siad i nGaeilge ar líne. Tá uachtar reoite an-bhlasta, creathán bainne, donnóga sheacláide, vaiféal agus go leo rudaí milse eile ar díol ann.  Deir na moltóirí go bhfuil fás agus forbairt iontach tagatha ar ghnó nua Mia le dá bhliain anuas agus go bhfuil a díogras don ghnó le moladh.