Site logo

GRADAIM 2022 – Cláraigh anois

Tá Glór na nGael ag clárú gnólachtaí anois le bheith páirteach sa scéim nua GRADAIM.    Is scéim aitheantais í GRADAIM do ghnólachtaí atá (nó a bheith) ag úsáid na Gaeilge mar chuid den ghnó, nó atá ag cur seirbhíse trí Ghaeilge ar fáil dá gcustaiméirí.

Comhartha aitheanta ar an dea-chleachtas maidir le úsáid na Gaeilge sa ghnó é an gradam seo. Bronnfar trí leibhéal gradam ar rannpháirtithe, de réir mar a bhaineann na gnólachtaí spriocanna gníomhaíochta amach thar thréimhse ama.  Is féidir le gnólachtaí clárú chun dul faoi mholtóireacht in aon rannóg amháin, dhá cheann nó an trí rannóg ar fad.  Is iad na rannóga atá i gceist ná Comharthaíocht, Brandáil & Margaíocht agus Seirbhís Ghaeilge do Chustaiméirí & Cliant.  Bronnfar gradaim (cré-umha, airgead nó ór ) de réir mar is cuí san rannóga sin.

Tá foirm chlárúcháin ar fáil anois anseo: Foirm Chlárúcháin 2022

Tá tuilleadh eolais faoin scéim ar fáil anseo: Leabhrán Eolais GRADAIM 2022

Is féidir teagmháil a dhéanamh le Frainc Mac Cionnaith, Bainisteoir na scéime chun rannpháirteachas do ghnólachta féin a phlé nó le fiosruithe eile a bhaineann le gnó le Gaeilge.