Scéim deontais do Chumainn Ghaelacha

Tá scéim deontais do chumann ghaelacha i gcoláistí 3ú leibhéal seolta ag Glór na nGael inniu.
Is í aidhm na scéime seo ná cur le líon na n-imeachtaí ar champas sa tréimhse iarr-COVID agus tá uasmhéid de €800 in aghaidh an chumainn ar fáil.
Chun cur isteach ar an deontas is gá go mbíonn an cumann cláraithe mar cumann oifigiúil den chuid aontais an choláiste agus go mbíonn cur chun cinn na Gaeilge sa choláiste mar phríomhaidhm an chumainn.
Tá an fhoirm iarratais ar fáil anseo.
Is gá d’iarratais a bheith réidh faoi 5:00in ar Luan 12 Nollaig 2022. Imeachtaí a chuirfidh le húsáid na Gaeilge mar theanga i measc mhic léinn sa choláiste a bheas incháilithe sa bhabhta seo.
Cuirtear fáilte roimh ionadaithe ó chumainn ghaelacha labhairt le Frainc Mac Cionnaith maidir le hiarratas a dhéanamh: frainc@glornangael.ie