Bronnadh comharthaí GRADAIM Gnó na hÉireann ar 85 gnólacht ag mórócáid i Halla na Cathrach, Baile Átha Cliath ar an 15ú Samhain 2022. Is í Síle Seoighe, an réalt teilifíse an aoi speisialta a rinne an bronnadh agus is í Sinéad Ní Uallacháin (RTÉ) a bhí mar bhean an tí.
Is í seo an chéad bhliain den scéim náisiúnta aitheantais GRADAIM Gnó na hÉireann, a d’fhorbair Glór na nGael, ina ndéantar ceiliúradh ar shaothar na ngnólachtaí don Ghaeilge.
Bronnadh boinn óir, airgid agus cré-umha ar na gnólachtaí i dtrí réimse (Comharthaíocht, Margaíocht agus Brandáil, Seirbhís i nGaeilge) mar thoradh ar phróiseas mheasúnaithe na scéime, a tharla le linn mhí Mheán Fhómhair.
Mhínigh Frainc Mac Cionnaith, bainisteoir na scéime i nGlór na nGael, go dtabharfaidh comharthaí GRADAIM le fios don phobail cén saghas seirbhíse agus comharthaíochta Gaeilge ar féidir bheith ag súil leis ó na gnólachtaí rannpháirteacha.
“Don chéad uair riamh tá próiseas chuimsitheach mheasúnaithe, atá neamhspleách agus náisiúnta ann le eolas chruinn, deimhnithe agus cothrom le dáta a chur ar fáil don phobal maidir leis an saghas seirbhíse agus comharthaíochta Gaeilge ar féidir a bheith ag súil leis ó na gnólachtaí rannpháirteacha.” a dúirt Mac Cionnaith. “Déanaim comhghairdeas leis na gnólachtaí go léir agus molaim go hard iad as a ndiogras agus a dtiomántas agus dar ndóigh gabhaim buíochas leis na hionadaithe ó na coistí pobail timpeal na tíre atá ag tacú le cur chun cinn na scéime.”
Tá rannóg speisialta ‘Fiontraí Óg na Bliana’ sa scéim chomh maith a bhronntar ar bheirt duine óg a leíríonn bua don fhiontraíocht agus díogras don Ghaeilge. San aoisghrúpa 12-18, is í Róisín Dalby chéadbhuailteoir Fiontraí Óg na Bliana de chuid GRADAIM agus san aoisghrúpa 18 – 21, is í Aoibhín Ní Deá chéadbhuailteoir Fiontraí Óg na Bliana de chuid GRADAIM.
Bhain 17 gnólacht bonn óir amach sa trí réimse (Comharthaíocht, Margaíocht agus Brandáil, Seirbhís i nGaeilge) agus 49 gnólacht ar a bronnadh bonn amháin óir, ar a laghad, orthu.
Is scéim de chuid Ghlór na nGael í GRADAIM Gnó na hÉireann, le tacaíocht ón Roinn Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán agus ó Fhoras na Gaeilge.
Liosta na ngnólachtaí a fuair GRADAIM:
- POTA Café, Co. na Gaillimhe
- Aon Scéal Café, Co. Átha Cliath
- Comhar Creidmheasa Ghaoth Dobhair, Co. Dhún na nGall
- Drioglann Chroithlí, Co. Dhún na nGall
- Amharclann Ghaoth Dobhair, Co. Dhún na nGall
- An Croí, Co. Dhoire;
- An Siopa Gaeilge, Co. Dhún na nGall
- Brian de Staic Teoranta, Co. Chiarraí
- Cló Iar-Chonnacht, Co. na Gaillimhe
- Conradh na Gaeilge Boirche Íochtar, Co. an Dúin
- Cultúrlann McAdam Ó Fiaich, Co. Aontroma
- GTeic@Cill Charthaigh, Co. Dhún na nGall
- LIGID Léiriúcháin, Co. Dhún na nGall
- Líonra Leitir Ceanainn, Co. Dhún na nGall
- Lóistín Teach Hiúdaí Beag, Co. Dhún na nGall
- Margadh na Mairt Teo, Co. Dhún na nGall
- Oideas Gael, Co. Dhún na nGall
- Siopa an Carn, Co. Dhoire
- Teach Solais Fhánada, Co. Dhún na nGall
- Aerfort Dhún na nGall Co. Dhún na nGall
- Teach Jack Co. Dhún na nGall
- An Cailín Gruaige Siopa Gruaige Co. Dhún na nGall
- Bob Griffins Co. Chiarraí
- P.Mac Giolla Dé Búistéirí Co. Dhún na nGall
- Bee Healthy Monaghan Co. Mhuineacháin
- O’Flahertys Bar Co. Chiarraí
- Teresa Mhic Dhonncha, Seirbhís Hoiméapaite Co. na Gaillimhe
- Bus Feda Teoranta Co. Dhún na nGall
- Oifig an Phoist, Doirí Beaga Co. Dhún na nGall
- Beachoga Dhún na nGall – Donegal Bees Co. Dhún na nGall
- Dinglegoldsmiths A.J.Bacaeir Teoranta Gaibhne Óir Chorca Dhuibhne Co. Chiarraí
- Fiadh Co. Chiarraí
- Clinic Cois Abhann Co. Chiarraí
- KCLR Co. Chill Chainnigh
- Prints of Ireland Co. Átha Cliath
- An Lárionad Oideachais, Siopa Chúinne an Daingin Co. Chiarraí
- Fadó Antiques & Framing Co. Chiarraí
- Fitzgeralds Homevalue Co. Chiarraí
- John Weldon Jewellers Co. Chiarraí
- MacEoin General Merchants Co. Chiarraí
- Murphy’s Ice Cream Co. Chiarraí
- O’Donnell Fuels Crolly (Siopa Stiofan Anne) Co. Dhún na nGall
- Paul Geaneys Co. Chiarraí
- Solas Tapas Co. Chiarraí
- Spar Doire Beaga Co. Dhún na nGall
- Teach Tabhairne Uí Shearcaigh Co. Dhún na nGall
- The Coach House Co. Chiarraí
- Tigh Mhic Cárthaigh Co. Chiarraí
- Walsh’s Pharmacy – Cógaslann Mhuintir Breathnach Co. Chiarraí
- Bliss Ladies Fashions Co. Dhún na nGall
- Dingle Bookshop Co. Chiarraí
- Óstán na Sceilge Co. Chiarraí
- Seed & Soul Co. Chiarraí
- Chop Central Co. Chiarraí
- Corveen Glen Meat Company Co. Dhún na nGall
- Dingle Properties Co. Chiarraí
- Ireland By Bike Co. Dhún na nGall
- Kingdom Fresh Co. Chiarraí
- Pure Beauty Co. Chiarraí
- Sheehy’s Fish & Chip Takeaway Co. Chiarraí
- Siúinéireacht Shéamuis Óig Co. Dhún na nGall
- Teach Sheáin Óig Co. Dhún na nGall
- Dréimire Language Services Co. Átha Cliath
- GaelGoer, Co. Átha Cliath
- Strand House Co. Chiarraí Dingledoc Co. Chiarraí
- Tabhairne Leo Co. Dhún na nGall
- Bialann Danny Minnie Co. Dhún na nGall
- Óstán Benners Co. Chiarraí
- MF Learning Seirbhísí Foghlama Co. Thír Eoghain
- Sew it Seams Co. na Gaillimhe
- An Cope, Siopa Anagaire Co. Dhún na nGall
- Áras Uí Chonghaile Co. Aontroma
- Bláthanna Tí Mhistéil Co. na Gaillimhe
- Comhar Chreidmheasa Chorca Dhuibhne Teo Co. Chiarraí
- Mara Beo Co. Chiarraí
- Tigh Liam Co. na Gaillimhe
- Wet & Wild Co. Dhún na nGall
- An Ceathrú Póilí Co. Aontroma
- Maisiúchán Phóil Ó Breisleáin Co. Dhún na nGall
- Teach Tessie Co. Dhún na nGall
- Ceimiceoir totalhealth Uí Dhomhnaill Co. Dhún na nGall
- Crua Earraí Mhic Suibhne Co. Dhún na nGall
- Sheehys Spar Co. Chiarraí Cáis Co. Chiarraí
- Aerfort Dhún na nGall Co. Dhún na nGall
- Comhar Creidmheasa Ghaoth Dobhair Co. Dhún na nGall
- Drioglann Chroithlí Co. Dhún na nGall