September 24, 2023

 

Cuireann Glór na nGael tacaíocht, cuidiú agus aitheantas ar fáil do ghnólachtaí atá, nó gur mhaith leo an Ghaeilge a úsáid mar chuid den ghnó acu, nó seirbhísí a chur ar fáil trí Ghaeilge.


Cuid lárnach den soláthair a dhéanann Glór na nGael d’ear
náil an ghnó ná an scéim GRADAIM. Is scéim aitheantais í GRADAIM do ghnólachtaí atá ag úsáid na Gaeilge mar chuid den ghnó, nó atá ag cur seirbhíse trí Ghaeilge ar fáil dá gcustaiméirí. Comhartha aitheanta ar an dea-chléachtas maidir le úsáid na Gaeilge sa ghnó é an gradam seo.


Is ardán é an Siopa Údar chomh maith do tháirgí ó fhorbróirí atá ag soláthair earraí i nGaeilge.

Físeáin Gnó

Tá súil ag Glór na nGael go spreagfaidh na físeáin seo lucht trádála agus comhluchtaí chun tuilleadh Gaeilge a úsáid ar chomharthaí agus i seirbhísí. Léireoidh siad go bhféadfadh an cur chuige atá ag gnó amháin oibriú do ghnónna eile. Agus go bhfuil dea-chleachas leagtha síos cheana.
An féidir leatsa an rud céanna a dhéanamh i do ghnó?