Cuireadh tús ar an Luan 5 Meán Fómhair leis an phróiseas measúnaithe don scéim GRADAIM Gnó na hÉireann, scéim aitheantais naisiúnta Ghlór na nGael don Ghaeilge sa ghnó.
Tá cúig dhuine dhéag d’fhoireann Ghlór na nGael ag tabhairt faoin tasc mór agus tá beagnach 100 gnólacht fud fad na hÉireann ag dul faoi mheasúnú faoi láthair, sa chéad bhliain den scéim nua. Mar aon le foireann Ghlór na nGael, tá tuairim is 20 ionadaí áitiúil ag tabhairt tacaíochta don mheasúnú ina gceantracha féin.
Is scéim aitheantais de chuid Ghlór na nGael í GRADAIM do ghnólachtaí atá ag úsáid na Gaeilge mar chuid den ghnó, nó atá ag cur seirbhíse trí Ghaeilge ar fáil dá gcustaiméirí. Bronnfar na gradaim ar ghnóanna as méid áirithe a dhéanamh maidir le húsáid na Gaeilge faoi thrí mhór-réimse, mar atá:
1. Comharthaíocht,
2. Brandáil agus Margaíocht , agus
3. Seirbhís Ghaeilge do Chustaiméirí & Cliant. Cuirfidh aitheantas ó GRADAIM le fios don phobal go bhfuil caighdeán áirithe bainte amach ag an ghnó sna réimsí sin.
‘Sé a dúirt Frainc Mac Cionnaith, bainisteoir na scéime ná:
“Tá lúcháir orm go bhfuil muid anois faoi lán seoil agus foireann measúnaithe ar an talamh an tseachtain seo sna Gaeltachtaí agus sna bailte fud fad na hÉireann. Thug sé ardú croí dom saothar na ngnólachtaí ar an Daingean a fheiceáil inniu agus tá tuairiscí maithe ag teacht isteach ó na ceantracha eile. Comhartha aitheantais a bheidh i GRADAIM a chuirfidh in iúl don chustaiméir cá mbíonn teacht ar leibhéil eagsúla seirbhíse le Gaeilge ina cheantar féin. Níl amhras orm ach go bhfuil iarrachtaí iontacha á ndéanamh ag na gnólachtaí atá páirteach ann i mbliana agus go spreagfaidh a saothar agus an t-aitheantas naisiúnta a bhronnfar orthu tuilleadh gnóanna chun tabhairt faoin Ghaeilge a úsáid ina ngnó féin amach anseo”