Site logo

Grúpa Súgartha Dhún Garbhán

Tagann grúpa teaghlaigh Dhún Garbhán le chéile gach Máirt i Leabharlann Dhún Garbhán

Buaileann an grúpa le chéile ón 10.30-12 meanlae.

Bíonn idir scéalaíocht agus rannta, ealaíon agus ceardaíocht, spraoi agus cluichí.
Cuireann an grúpa deis ar fáil do theaghlaigh le Gaeilge buaileadh le chéile & nascanna a chothú.

Beidh fíor fáilte roimh theaghlaigh atá ag tógáil clainne le Gaeilge nó atá ag iarraidh cur le húsáid na Gaeilge ina saol.

Gach eolas ó Cabriní de Barra, Oifigeach Forbartha ag cabrini@glornangael.ie nó 083 445 5914