Site logo

Sean-Nós na Fearsaide 2024 ar tí tosnú

Agus cathair Bhéal Feirste ag iarradh Oireachtas na Samhna 2025 agus 2026 a mhealladh ó thuaidh, tá mion-Oireachtas Bhéal Feirste ar bun anois i dTuaisceart na Cathrach don deichiú mbliain i ndiaidh a chéile.

Beidh Sean-Nós na Fearsaide ag tosnú i mbliana ón lá bisigh, an 29ú Feabhra.

Tá iarracht ollmhór déanta ag Cumann Cultúrtha Mhic Reachtain, Gaeltacht bheag láidir a chruthú ar Bhóthar Aontroma le ranganna, ócáidí, comórtais, ceolchoirm agus caifé ceoil Gaeilge ag feidhmiú, agus ag fás.

Tá béim ag an bhFéile i mbliana ar an amhránaíocht le Corn an Oireachtais (comórtas chóir na mbunscoileanna) ar an Déardaoin agus comórtais faoi 12, 15 agus 18 ar an Sathairn. Críochnóidh na comórtaisí le Corn Cuimhneacháin Mhéabh Uí Chriagáin do amhránaíocht ar an sean-nós dóibh siúd thar 18.

Chomh maith le comórtais, beidh seoladh albaim, ceol, scéalaíocht, agallamh beirte agus oíche airneáil ina mbeidh plúr na ndamhsóirí, lúibínithe agus n-amhránaithe le feiscint agus le clois.

Tá Glór na nGael ag tacú leis an gCumann le blianta fada agus tháinig siad sa chéad áit sa rannóg Imeachtaí agus Deiseanna Labhartha na Gaeilge i gComórtas Ghlór na nGael na bliana seo caite.

Tá breis eolais ar fáil ar https://mhicreachtain.com/