Site logo

Glór na Móna – Príomhbhuaiteoir i gComórtas Ghlór na nGael 2017

Bhronn Cathaoirleach Fhoras na Gaeilge, Pól Ó Gallchóir na duaiseanna i gComórtas Ghlór na nGael in Óstán an Ghlasáin, Co. na hIarmhí oíche Shathairn 10.03.18. B’iad Glór na Móna, Béal Feirste a thug príomhdhuais Ghlór na nGael ina bhaile leo agus seic le haghaidh €20,000. Duaischiste de luach €77,000 ina iomláine a bronnadh ag ócáid bhliantúil Ghlór na nGael ar choistí pobail, grúpaí Gaeilge agus cumainn 3ú leibhéal as sár-obair i gcur chun cinn na Gaeilge de.

Bronnadh mórdhuaiseanna eile ar Chomharchumann Mhic Dara, An Cheathrú Rua, Co. na Gaillimhe, Coiste Forbartha Charn Tóchair, Machaire Rátha, Co. Dhoire agus Cumann Cultúrtha Mhic Reachtain, Béal Feirste.

Bronnadh an gradam speisialta, Gradam Ghlór na nGael, ar ghrúpa bunaithe an Pop-Up Gaeltacht.

Bunaíodh an grúpa Glór na Móna sa bhliain 2004 leis an Ghaeilge chur chun cinn san Uachtar Chluannaí in iarthar Bhéal Feirste. Cuireann Glór na Móna ár dteanga chun tosaigh trí ranganna agus imeachtaí cultúrtha a eagrú chomh maith le clár leathán de sheirbhísí óige agus seirbhisí don phobal Gaeilge. Cuireann Glór na Móna roimhe dul i ngleic le fadhbanna sóisialta amhail dífhostaíochta fad téarmach agus idir ghlúine agus easpa ghairmcháilíochtaí. Osclaíodh ionad nua ag an ghrúpa ar na mallaibh, mar atá Gael-Ionad Mhic Goill.

Chomh maith leis an Uasal Ó Gallchóir, bhí urraitheoirí ó go leor eagras i láthair, Foras na Gaeilge agus Údarás an Gaeltachta ina measc.

Líosta iomlán de dhuaiseanna thíos.

 

Príomhdhuais Ghlór na nGael

Glór na Móna, Béal Feirste

 

Coistí le Daonra faoi 4,000

1ú Duais €4,000 Coiste Forbartha Charn Tóchair, Machaire Rátha, Co. Dhoire

2ú Duais €3,000 Glór Uachtar Tíre, Co. an Dúin

3ú Duais €2,000 Conradh na Gaeilge, Boirche Íochtar, Co. an Dúin

 

Coistí le Daonra 4,000 – 20,000

1ú Duais €4,000 Glór na Móna, Béal Feirste

2ú Duais €3,000 Cairde Teo., Ard Mhacha

3ú Duais €2,000 Ionad na Fuiseoige, Béal Feirste

 

Coistí le Daonra 20,000 +

1ú Duais €4,000 Cumann Cultúrtha Mhic Reachtain, Béal Feirste

2ú Duais €3,000 Cultúrlann Uí Chanáin, Doire

3ú Duais €2,000 Glór Cheatharlach

 

Coistí Gaeltachta

1ú Duais €4,000 Comharchumann Mhic Dara, An Cheathrú Rua, Co. na Gaillimhe

2ú Duais €3,000 Cumann Forbartha Chois Fharraige, Co. na Gaillimhe

3ú Duais €2,000 Comhlucht Forbartha na nDéise, Co. Phort Láirge

 

Na Duaiseanna Speisialta

Duais Ógras €1,000 Glór Uachtar Tíre, Caisleán Uidhilín, Co. An Dúin

Duais an Timire €750 Glór na Móna, Béal Feirste

Duais an Oireachtais €500 Cairde Teo., Ard Mhacha

Duais an Fháinne (Dearbhán €500 ó Ghael Linn) Cumann Cultúrtha Mhic Reachtain, Béal Feirste

Duais Chomhairle Chontae na Gaillimhe €1,500 Comharchumann Mhic Dara, An Cheathrú Rua, Co na Gaillimhe

Duais Chomhairle Chontae Dhún na nGall €1,500 Líonra Leitir Ceanainn, Co Dhún na nGall

Duais Chló Iar-Chonnacht Dearbhán €1,000 Cairde Uí Néill, Co. Thír Eoghain

Duais Chomhairle na Gaelscolaíochta £1,500 Cairde Uí Néill, Co. Thír Eoghain

Duais COGG €2,000 Muineachán le Gaeilge

Duais Chonradh na Gaeilge €1,000 Pobal ar a’n Iúl, An Ómaigh, Co Thí Eoghain

Duais an Fhorais Patrúntachta  €1,000 Craobh na Bóinne, Co na Mí

 

Duaiseanna do na Coistí Deonacha €1,500 an ceann

Cúige Uladh Coiste Ghlór na nGael, Gort an Choirce, Co. Dhún na nGall

Cúige Chonnacht Glór Locha Riach, Co na Gaillimhe

Cúige Mumhan Coiste Ghlór na nGael, Clochán Bhréanainn, Co Chiarraí

Cúige Laighean Gaeil Chill Dara

 

An Iontráil Nua is Fearr Glór Mhachaire Fíolta, Co Dhoire

 

Duais Aitheantais Fhondúireacht  Sheosaimh Mhic Donnacha €1,000 – Cumann Gaelach Leath Chathail, Co. an Dúin

 

Gradam Ghlór na nGael – POP Up GAELTACHT

 

Comórtas na gColáistí 3ú Leibhéal – Gearrliosta

An Chuallacht Coláiste na hOllscoile, Corcaigh

An Cumann Gaelach, Ollscoil na hÉireann Gaillimh

An Cumann Gaelach,  Ollscoil na Banríona, Béal Feirste

An Cumann Gaelach, Ollscoil Chathair Bhaile Átha Cliath

An Cumann Drámaíochta, Coláiste na hOllscoile, Chorcaigh

An Cumann Gaelach, Coláiste na Tríonóide, Baile Átha Cliath

An Cumann Gaelach, An Coláiste Ollscoile, Baile Átha Cliath

Cuallacht Cholmcille, Ollscoil na hÉireann, Má Nuad, Co Chill Dara