Site logo

Glór an Fhómhair – Sraith Cainteanna ar shainábhair faoi leith

Déanfaidh Siún Ní Dhuinn (Léachtóir, scríbhneoir agus eagarthóir), cathaoirleacht ar shraith cainteanna ar shainábhair faoi leith a bheidh á eagrú ag Glór na nGael le linn Deireadh Fómhair 2020.  Tá an phaindéim reatha ag cur brúanna ar bhaill den phobail agus is iarracht iad na cainteanna seo deis a thabhairt do ghrúpaí pobail Gaeilge dul i ngleic leo.

Craolfar na cainteanna beo ar Facebook gach Dé Luain ag 7i.n. i rith mí Deireadh Fómhair 2020.

Seo a leanas eolas faoi na hócáidí, ceann ar cheann;

 

Meabhairshláinte
5 Deireadh Fómhair 2020, Oíche Luan – 7.00i.n
Cainteoirí: Ríonach de hÓir Campbell (Príomh Teiripeoir i Pieta House) agus Lorcán Fingleton (Siceolaí i Seirbhísí Meabharshláinte)

Ábhar

  • Scéimeanna agus tionscadail Pieta House gur féidir le grúpaí pobal Gaeilge tacú leo, eg, Dorchadas go Solas.
  • Na dúshláin a bhaineann le meabhairshláinte agus na seirbhísí, tacaíochtaí & eolas gur chóir go mbeadh coistí pobal ag soláthar a éascóidh na dúshláin seo. 

 

Faisean inbhuanaithe,
12 Deireadh Fómhair 2020, Oíche Luan – 7.00i.n
Cainteoir : Caoimhe Ní Chathail – Láithreoir
Ábhar: 

  • Faisean inbhuanaithe agus an dóigh gur féidir le coistí pobail dul i ngleic le cúrsaí timpeallachta.

 

Tógáil clainne
19 Deireadh Fómhair 2020, Oíche Luan – 7.00i.n
Cainteoirí : Stella Uí Chatháin – Tuismitheoir & Cáit Verling – Siceolaí Cliniciúil leis an FSS

Ábhar: 

  • Na dúshláin a bhaineann le tógáil clainne (beag beann ar chúrsaí teanga) agus na seirbhísí & tacaíochtaí go mbeadh coistí in ann a chur ar fáil a éascóidh na dúshláin seo.

 

Tionscadail fhéideartha athrú aeráide
26 Deireadh Fómhair 2020, Oíche Luan – 7.00i.n
Cainteoir : Rónán Ó Dálaigh Príomhoifigeach Feidhmiúchain Thriftify

Ábhar: 

  • Tionscadail fhéideartha athrú aeráide  go mbeadh ar chumas coistí deonacha tabhairt futhu.