Seomra Teaghlaigh ag an Oireachtas na Samhna 2019
Déardaoin 31 Deireadh Fómhair 10:00 – 17:00
Aoine 01 Samhain 10:00 – 17:00
Tá an Seomra Teaghlaigh oiriúnach do theaghlaigh le páistí nó déagóirí idir 0-18 mbliana d’aois*.
Anuas ar na himeachtaí a bheidh ar siúl, beidh Cúinne Spraoi le bréagáin ar fáil do leanaí óga, agus beidh cluichí boird, ábhair ealaíne, leabhair agus eile ar fáil do gach aoisghrúpa.
Tar isteach, lig do scíth nó tar ag spraoi!
*Tá sé riachtanach go mbeidh duine fásta, m.sh. tuismitheoir nó caomhnóir, i gcomhluadar an pháiste agus freagrach as an pháiste sa Seomra Teaghlaigh i gcónaí.
Trending Now
Nuachtlitir Theanga Tí 12 Bealtaine 2023
May 11, 2023