Tá Glór na nGael, ceanneagraíocht náisiúnta Gaeilge, ag súil le painéal de cainteoirí/traenálaithe a chur le chéile le cúrsaí oiliúna agus cainteanna eolasacha a fhorbairt dár bhfoireann agus do choistí pobail Gaeilge.
Ba mhaith linn cuireadh a thabhairt do dhaoine ar spéis leo bheith ar an phainéal le scileanna/saineolas sna réimsí seo a leanas, teagmháil a dhéanamh linn ar oiliunt@glornangael.ie:
- Sláinte agus Sabháilteacht
- Bainistiú Acmhainní
- Úrlabhraíocht Poiblí
- Rialachas Bunúsach Chaiteachais agus Ioncaim
- Sláinte Intinne
- Rialachas Corporáideach
nó réimsí nach iad a chuideodh le forbairt foirne agus pobail.
Beidh idir seisiúin fhíorúla, agus seisiúin fhisiciúla i gceist.
Seol rphost ag míniú do chúlra agus saineolas nó CV chuig oiliunt@glornagael.ie
Trending Now
Nuachtlitir Theanga Tí 12 Bealtaine 2023
May 11, 2023