Eagrán dhá-theangach de Monopoly na Gaillimhe seolta.

Leagan dhá-theangach den chluiche idirnáisiúnta
Tá an dara leagan Gaeilge den chluiche idirnáisiúnta Monopoly ar fáil anois a bhuíochas de chomhthionscnamh idir Glór na nGael agus Gaillimh le Gaeilge agus an chomhlacht Winning Moves (uinéirí an cheadúnais do leagain áitiúla den chluiche). D’fhreastal ionadaithe na gcomhlachtaí a cheannaigh cearnóga ar an leagan úr ‘Monopoly Chontae an Gaillimhe’ ar seoladh an chluiche ag ócáid i Mainistir na Coille Móire an tseachtain seo in éineacht ionadaí Chomhairle Chontae na Gaillimhe agus Méara Chathair na Gaillimhe.
Bhí pobal na Gaeilge ag fanacht le blianta ar leagan Gaeilge den chluiche agus anois laistigh de 9 mí tá dhá leagan ar fáil, scéal a insíonn tábhacht na Gaeilge don saol sóisialta agus gnó i gContae na Gaillimhe ar ndóigh.
Tá an príomhleagan Gaeilge ar fhoilsigh Glór na nGael níos luaithe i mbliana ar fáil ó shuíomh www.udar.ie chomh maith le réimse leathan de chluiche Gaeilge eile.