Seoladh Fhondúireacht Sheosaimh Mhic Dhonncha

Seolfaidh Aogán Ó Fearghaíl, Uachtarán CLG fondúireacht nua i bPairc an Chrócaigh an tseachtain seo le spreagadh agus aitheantas a thabhairt d’fhorbairt na Gaeilge sa Chumann Lúthchleas Gael. Is scéim tacaíochta de chuid Ghlór na nGael agus de chuid an CLG í Fondúireacht Sheosaimh Mhic Dhonncha le haghaidh clubanna ar mian leo an Ghaeilge a chur chun cinn.
Is é cuspóir na fondúireachta ná an teanga fhorbairt ar bhonn tomhaiste agus pleanáilte. Cuirfidh Glór na nGael cuidiú ar fáil don Oifigeach Gaeilge i bhfoirm chomhairle, tacaíochta agus idéanna le tógáil ar an obair mhaith atá á déanamh sa chlub cheana féin.
Chomh maith leis sin, beidh teacht ar dheontais ón Fhondúireacht chun cuidiú leis na pleananna a chur i gcrích agus bronnfar boinn ar na clubanna as méid áirithe a bhaint amach ar son na teanga.
Bronnfar bonn snasta, Bonn Sheosaimh Mhic Dhonncha ar na clubanna atá cláraithe leis an Fhondúireacht as méid áirithe gníomhaíochtaí ar son na teanga a chur i gcrích sa chlub. Is comhartha aitheantais a bheidh sa bhonn ar an dea-obair sna gclubanna thar tréimhse ama.
De réir mar a chuireann club gníomhaíochtaí molta i gcrích, bronnfar bonn cré-umha, bonn airgid nó bonn óir de réir mar is cuí. Beidh stádas agus gradam ag dul d’aon chlub a bhaineann an bonn óir amach dó féin. Ar an ábhar seo beidh spreagadh agus spriocanna cinnte ag clubanna chun bheith ag éascú ról don teanga i measc a gcuid ball.
Seolfar Fóndúireacht Sheosaimh Mhic Donncha i bPáirc an Chrócaigh ag 7.30in Dé Céadaoin, 30 Samhain 2016.
Déan teagmháil le clg@glornangael.ie
Tuilleadh eolais maidir leis an Fhondúireacht ar fáil sa leabhrán seo.