Trending Now
Nuachtlitir Theanga Tí 12 Bealtaine 2023
May 11, 2023
Cluiche Ceannais Blitzchomórtas na Fondúireachta 2022 bainte ag CLG Cill Mochuda Na Crócaigh
Bhain CLG Cill Mochuda Na Crócaigh, Stigh Lorcán, Baile Átha Cliath an chraobh i gCluiche Ceannais Blitzchomórtas na Fondúireachta bhí ar siúl in Sord Dé Sathairn 3 Nollaig 2022.
Is é an tAire Jack Chambers a sheol Blitzchomórtas na Fondúireachta go hoifigiúil ag Páirc Fhine Ghallainn CLG. Mhol sé an obair atá ar siúl ag na clubanna leis an Ghaeilge a chur chun cinn agus ghuigh sé gach rath ar an blitzchomórtas sa todhchaí. Dúirt Seán de Paor, duine d’fhoireann Ghlór na nGael a bhí ag eagrú an blitzchomórtas go raibh coimhlint laidir sna cluichí. “Is foirrne meascaithe seachtar an taobh a ghlac páirt sa chomórtas seo” a thug de Paor le fios, ‘agus tá rialacha faoi leith ann maidir le úsáid na Gaeilge’. “Gaeilge a labhraítear ag an imeacht agus ar an bpáirc imeartha agus is féidir scór a bhaint d’fhoireann muna gcloíonn imreoirí nó lucht bainistíochta leis an riail seo” a dúirt sé.
Bronnadh Corn na Fondúireachta ar na buaiteoirí, CLG Cill Mochuda Na Crócaigh, corn atá ainmnithe i gcuimhne Feargal Ó Cuilinn. Ag labhairt ag an mbronnadh mhínigh bainisteoir na Fondúireachta, Caitríona Nic Seoin go raibh Feargal ina chomhghleacaí agus cara le gach éinne i nGlór na nGael. “Smaoiníonn muid air go minic agus muid i mbun Fondúireacht Sheosaimh Mhic Dhonncha a chur chun cinn. Dub go smoir, tá mé cinnte go mbeadh an-bhród ar Fheargal inniu go bhfuil blitz náisiúnta a imirt trí Ghaeilge sa phríomhchathair.” a dúirt Nic Seoin.
Is scéim tacaíochta de chuid Ghlór na nGael agus de chuid an Chumainn Lúthchleas Gael í Fondúireacht Sheosaimh Mhic Dhonncha atá dírithe ar chlubanna ar mhaith leo níos mó Ghaeilge a úsáid sa chlub.
Bhí os cionn dhá chéad chlub cláraithe leis an bhFondúireacht in 2022 agus tá tús curtha le clárú 2023. Má tá suim ag aon chlub clárú leis an bhFondúireacht, bí i dteagmháil linn: clg@glornangael.ie