Bhronn Cathaoirleach Ghlór na nGael, Pat Carey agus láithreoir RTÉ Raidió na Gaeltachta Áine Ní Churráin na duaiseanna i gComórtas Ghlór na nGael in Óstán an Ghlasáin, Co. na hIarmhí oíche Shathairn 9.02.19. B’iad Áislann Rann na Feirste a thug an príomhdhuais ina bhaile leo: Trófaí Ghlór na nGael urraithe ag Foras na Gaeilge agus seic le haghaidh €20,000 urraithe ag an Roinn Cultúir, Oidhreachta & Gaeltachta. Duaischiste de luach €80,000 ina iomláine a bronnadh ag ócáid bhliantúil Ghlór na nGael ar choistí pobail, grúpaí Gaeilge agus cumainn 3ú leibhéal as sár-obair i gcur chun cinn na Gaeilge de.
Ag labhairt dó leis an slua dúirt Pat Carey go raibh Glór na nGael agus na coistí Gaeilge ag feidhmiú i dtréimhse úrnua i bhforbairt na Gaeilge i measc an phobail. “Níos mó ná riamh tá an Stáit, ó dheas ach go háirithe, ag gníomhú ar bhealach díreach leis na pobail.” a dúirt Carey. “Fáiltíonn muid i nGlór na nGael roimh rannpháirtíocht Údarás na Gaeltachta agus Foras na Gaeilge san obair phobail. Tugann sé deis nua dúinn cúnamh a chur ar fáil in áiteanna nach raibh ar ár gcumas cúnamh a chur ar fáil roimhe seo.”
Bronnadh mórdhuaiseanna eile ar Coiste Forbartha Charn Tóchair, Co. Dhoire agus Glór na Móna, Béal Feirste agus Cairde Teo., Ard Mhacha.
Bronnadh an gradam speisialta, Gradam Ghlór na nGael, ar Shéamuis agus ar Sheáin Mac Seáin. Rugadh agus tógadh an bheirt deartháir i mBéal Feirste agus, ar a bealaí féin, tá siad beirt tar éis cur le saol na Gaeilge i mBéal Feirste agus níos faide i gcéin.
Áislann Rann na Feirste a bhain an príomhdhuais. Is comhlacht pobalbhunaithe, neamhbhrabúis é Áislann Rann na Feirste Teoranta. Tá an cultúr, an dúchas agus an teanga lárnach i gcúramaí na hÁislanna. Bhí béim faoi leith ar an bhforbairt pobail i mbliana, le fochoistí timpeallachta, comhshaoil agus teanga ag baint amach spriocanna móra. Ach tá siad ceannródach in obair óige agus teaghlaigh chomh maith.
Agus é ag déanamh cur síos ar an obair atá ar bun san Áislann mhol Lorcán Mac Gabhann, Ceannasaí Ghlór na nGael, an coiste go hard as an obair a dhéanann siad ar son phobal Rann na Feirste agus phobal Dhún na nGall – idir óg agus aosta.
“Chaithfí an Club Obair Bhaile a lua mar bhuaicphointe agus, ar ndóigh, Club Óige Rann na Feirste a bhfuil cáil air ar fud na tíre mar chlub gníomhach a bhfuil polasaí teanga an-láidir agus an-éifeachtach á chur i bhfeidhm ann.” a dúirt Mac Gabhann.
Bíonn an Áislann in úsáid chuile lá agus chuile oíche den seachtain.
Baineann an coiste úsáid éifeachtach as scéimeanna eile chomh maith ar nós scéim Theanga Tí Ghlór na nGael.
Dúirt Mac Gabhann gur “dea-shampla é Áislann Rann na Feirste do choistí Gaeilge agus do choistí pobail ar fud na hÉireann.”