Moltóireacht Bhliantúil Ghlór na nGael 2016
Posted On November 29, 2016
0

Bhí foireann Ghlór na nGael ar an bhóthar le linn mí na Samhna, agus ár moltóireacht bhliantúil ar obair na gcoistí forbartha ar bun againn. Thaisteal muid ó cheann ceann na tíre, ó Thír Chonaill go Corcaigh, ag buaileadh leis na gcoistí agus ag fáil amach faoin obair a bhí ar siúl acu le linn na bliana.
Bhí idir choistí Gaeltachta, coistí tuaithe & coistí uirbeacha páirteach arís i mbliana.
Guímid ár mbuíochas le gach coiste a ghlac an t-am le buaileadh linn, agus as ucht an fháilte a cuireadh romhainn i ngach cearn den tír. Tá ardmholadh tuillte agaibh uilig as ucht an obair atá ar bun agaibh, agus na hiarrachtaí atá á dhéanamh agaibh ar son na Gaeilge i bhur bpobail féin.
Is iad na coistí atá tríd chuig an dara bhabhta den chomórtas i mbliana ná:
Comharchumann Mhic Dara, An Cheathrú Rua, Contae na Gaillimhe
Cumann Forbartha Chois Fharraige, Indreabhán, Contae na Gaillimhe
Comhlact Forbartha na nDéise, An Rinn, Dún Garbhán, Contae Phort Láirge
Glór Cheatharlach, Ceatharlach
Glór na Móna, Uachtar Chluanaí, Béal Feirste
Ionad Uíbh Eachach, Béal Feirste
Cumann Cultúrtha Mhic Reachtain, Bóthar Aontroma, Béal Feirste
Glór Charn Tóchair, Carn Tóchair, Contae Dhoire
Cairde Teo, Ard Mhacha

Fógrófar buaiteoirí an chomórtais náisiúnta ag ár mbronnadh bliantúil, a bheidh ar siúl i mí Aibreán 2017.
Go n-éirí go geal le gach uile choiste atá san iomaíocht, agus coinnigí oraibh leis an dea-obair!
Trending Now
Tairiscint ar phlean straitéiseach
September 20, 2023
Nuachtlitir Theanga Tí 15 Meán Fómhair 2023
September 15, 2023