Tá Glór na nGael ag lorg stiúrthóir gréasáin cáilithe le bainistiú agus cothabháil a dhéanamh ar shuíomh gréasáin na heagraíochta i bhfoirm Comhaontú Seirbhíse.
Tá léiriú spéise á lorg, móide costas na hoibre, roimh 5.30i.n., 18 Meán Fómhair 2023.
I 2014 ceapadh Glór na nGael mar cheanneagraíocht Gaeilge, ceann den sé cheanneagraíocht maoinithe ag Foras na Gaeilge agus Roinn na Gaeltachta. Tá freagracht ar leith ag Glór na nGael i dtrí réimse oibre, forbairt na Gaeilge sa teaghlach, forbairt na Gaeilge i measc grúpaí pobail agus forbairt na Gaeilge i measc grúpaí fiontraíochta agus gnó.
Tá ceithre shuíomh gréasáin ag an eagraíocht chomh maith le aip. Tá sé mar sprioc cónascadh a dhéanamh orthu agus dhá shuíomh a bheith ag an eagraíocht.
Iarrfar ar an té a gheobhaidh an conradh seo
- Athstruchtúrú a dhéanamh ar suíomhanna na heagraíochta
- A chinntiú go mbeidh na suíomhanna gréasáin ag rith go réidh agus go héifeachtach
- Nuashonraithe a dhéanamh agus déileáil le fadhbanna de réir mar is gá
- Idirchaidreamh le haon tríú páirtithe nó cuideachta a láimhseáil de réir mar is gá
- Oiliúint agus tacaíocht a sholáthar d’fhoireann na heagraíochta de réir mar is gá
20 uair a chloig in aghaidh na míosa ar feadh tréimhse bliana atá i gceist.
Beidh tuiscint mhaith ar an nGaeilge de dhíth ón té a rachaidh i mbun na hoibre seo.
Má tá spéis agat sa chonradh seo, seol rphost chuig Bainisteoir Cumarsáide Ghlór na nGael cumarsaid@glornangael.ie nó déan teagmháil ar 00353 83 8676063.