Tá Bord Stiúrtha Ghlór na nGael ag lorg duine/cuideachta cáiltihe le hanailís a dhéanamh ar oiriúnacht struchtúr na heagraíochta do na cúraimí agus na feidhmeanna atá idir lámha aici.
Tá léiriú spéise á lorg móide costas na hoibre roimh 5.30i.n., 16 Lúnasa 2023.
I 2014 ceapadh Glór na nGael mar cheanneagraíocht Gaeilge, ceann den sé cheanneagraíocht maoinithe ag Foras na Gaeilge agus Roinn na Gaeltachta. Tá freagracht ar leith ag Glór na nGael i dtrí réimse oibre, forbairt na Gaeilge sa teaghlach, forbairt na Gaeilge i measc grúpaí pobail agus forbairt na Gaeilge i measc grúpaí fiontraíochta agus gnó.
Ón uair gur ceapadh í mar cheanneagraíocht náisiúnta Ghaeilge i 2014, tá Glór na nGael tar éis dul trí thréimhse mór fáis. Tá buiséad bliantúil de €2m measta ag an eagraíocht agus uasmhéid 42 duine fostaithe (2023), idir fostaithe lánaimseartha agus páirtaimseartha.
Tá Glór na nGael ag lorg duine/cuideachta le hanailís a dhéanamh ar oiriúnacht struchtúr na heagraíochta do na cúraimí agus na feidhmeanna atá idir lámha aici. Iarrfar ar an té a gheobhaidh an conradh seo tuairisc a ullmhú do Bhord Stiúrtha Ghlór na nGael faoi dheireadh 2023 faoi na nithe seo a leanas;
– Oiriúnacht córas airgeadais na heagraíochta do na feidhmeanna agus spriocanna atá le baint amach
– Oiriúnacht struchtúr foirne reatha na heagraíochta ar mhaithe le feidhmeanna agus baint amach spriocanna an heagraíochta
Beidh Gaeilge líofa de dhíth ón té a rachaidh i mbun na hoibre seo.
Má tá spéis agat sa chonradh seo, seol rphost chuig Ceannasaí Ghlór na nGael lorcan@glornangael.ie nó déan teagmháil ar 00353 87 9790193.