Tá áthas orainn ag Glór na nGael go mbeidh fáil níos minice anois ag Gaeil ar an saghas siamsaíochta Gaeilge a chuirtear ar an ardán sa Phuball Gaeilge ag Electric Picnic gach bliain. Tá ár gcara Rossa Ó Snadaigh ag eagrú Club Puball G, oíche de scothshiamsaíochta trí Ghaeilge sa Pharlús, Whelans i mBaile Átha Cliath ar an 3ú Iúil agus ag súil le ócáid rialta a dhéanamh de.
Beidh ceol ann ar an 3ú Iúil ón ghrúpa Sisterix, ó Pheadar Ó Goill, ó Aoife Kelly agus cairde chomh maith le hAindréas de Staic. Beidh an fuirseoir Aideen McQueen ar an ardán le linn na hoíche chomh maith. Tá €5 ar an doras agus cuirfear críoch leis an oíche le seit ón Cheirneoir Tí.
Trending Now
Nuachtlitir Theanga Tí 12 Bealtaine 2023
May 11, 2023