Ceadaíodh buiséad míle euro don naoi gclub seo a leanas faoin scéim Teanga Tí sa CLG:
- Cumann Peil na mBan Maigh Cuilinn, Co na Gaillimhe
- Carna Caiseal CLG, Co na Gaillimhe
- CLG na nDúnaibh, Co Dhún na nGall
- Na Gaeil Óga CLG, Baile Átha Cliath
- Mícheál Mac Daibhéid CLG, An Suaitreach, Co Dhoire
- CLG Mungairit/Naomh Pól, Co Luimnigh
- CLG Átháin, Co Luimnigh
- Eoghan Rua Cill Chua CLG, Co an Dúin
- Cumann Camógaíochta Áth Dara, Co Luimnigh
Beidh na cumainn seo ag eagrú sraith d’imeachtaí teaghlaigh, dírithe orthu siúd ar mhaith leo níos mó Gaeilge a úsáid sa bhaile.
Cuirfidh na himeachtaí seo le húsáid agus feiceálacht na Gaeilge ag na cumainn, bunsprioc atá ag Fondúireacht Sheosaimh Mhic Dhonncha mar scéim.
www.glornangael.ie/clg
Trending Now
Nuachtlitir Teaghlaigh 29ú Meán Fómhair 2023
September 29, 2023
Tairiscint ar phlean straitéiseach
September 20, 2023