Post: Oifigeach Forbartha
Grád: Oifigeach Feidhmiúcháin
Scála tuarastail De réir pá scála EOI, Ciorclán 01-08-2021 (£28,706-£29,307)
Téarma: Lánaimseartha
Fostaitheoir: Glór na nGael Teo.
Tuarastal: Ag brath ar thaithí cuí agus tuarastal reatha an iarrthóra
Spriocdháta: Is gá litir iarratais & CV a sheoladh chuig: post@glornangael.ie roimh 5.00i.n., Dé Céadaoin, 8 Nollaig 2021
Tá an post seo maoinithe ag Foras na Gaeilge
Teideal: Oifigeach Forbartha
Beidh ról an Oifigigh Forbartha tiomanta don phobal agus bainfidh sé le fás agus forbairt Ghlór na nGael trí straitéis shainmhínithe. Cuirfidh sé/sí an Ghaeilge chun cinn trí imeachtaí comhaontaithe, caidrimh agus gníomhaíochtaí pobalbhunaithe ar fud na hÉireann.
Láthair an phoist
Bíonn Glór na nGael ag feidhmiú ar bhonn uile-oileánda agus bíonn cúraim uile-oileánda ag gach fostaí dá réir sin. Samhlaítear go mbeidh an iarrthóir rathúil don ról seo lonnaithe sna sé chontae agus/nó i gContae cois teorann cé go mbeidh gá a bheith i láthair in oifigí Ghlór na nGael i Ráth Chairn ó am go ham.
Beidh an té a roghnófar ag obair as a b(h)aile féin agus cuirfear trealamh oifige cuí ar fáil. Aontófar, leis an té a roghnófar, clár timireachta bunaithe ar cheantair tíreolaíochta réamhaontaithe.
Próifíl an phoist
Post forbartha atá i gceist leis an bpost seo. Beidh an té a cheapfar ag tabhairt faoi;
- Obair go dlúth le coistí pobail, grúpaí pobail, grúpaí teaghlaigh, cumainn CLG agus comhlachtaí ar spéis leo úsáid na Gaeilge a mhéadú
- Soláthar seirbhísí, comhairle agus cúnamh do ghrúpaí pobail atá ag triail ar aitheantas a bhaint amach, nó atá tar éis é a bhaint amach, mar Líonra Gaeilge, Scéim Forbartha Líonraí Gaeilge, Baile Seirbhíse Gaeltachta nó Limistéar Pleanála Teanga
- Forbairt sheirbhísí Ghlór na nGael
- Forbairt sheirbhísí a bheadh úsáideach do phobal ginearálta na Gaeilge
Is sa Rannóg Forbartha Pobail a bheidh an post seo lonnaithe, agus ag plé le seirbhísí pobail, ach d’fhéadfaí é sin athrú ar threoir an Bhoird Stiúrtha
Príomhchúraim
I measc na gcúram a bheifear ag súil go dtabharfaidh Oifigeach Forbartha futhú tá:
- Gréasáin de theaghlaigh atá ag tógáil clainne le Gaeilge a fhás agus a fhorbairt
- Comhpháirtíochtaí a fhás agus a fhorbairt i bpobail áitiúla
- Scéimeanna na heagraíochta a chur chun cinn; Teanga Tí, Fondúireacht Sheosaimh Mhic Dhonncha, GRADAIM, Céimeanna
- Comhpháirtíochtaí a fhás agus a fhorbairt le gnólachtaí áitiúla
- Obair le hOifigigh Forbartha eile le cur chuige uile-Éireann a chinntiú
- Pleananna gníomhaíochta samplacha a réiteach do choistí Ghlór na nGael
- Bheith ar fáil do mholtóireacht náisiúnta Ghlór na nGael agus ar ócáidí náisiúnta eile a thiteann amach ó am go chéile
- Aon chúram eile a cheapfaidh Bord Stiúrtha Ghlór na nGael a bheidh oiriúnach ó am go ham
Riachtanach
Beidh na nithe seo a leanas riachtanach don bpost seo:
- Ardleibhéal Gaeilge scríofa agus labhartha agus scileanna maithe cumarsáide
- Taithí i bhforbairt pobail, go háirithe in earnáil na Gaeilge
- Cumas smaointe a chruthú agus a thabhairt chun críche
- Cáilíocht(aí) ábhartha le do chumas riachtanais an róil a bhaint amach a léiriú
- Bheith in ann obair go héifeachtach laistigh d’fhoireann
- Bheith in ann caidreamh a thógáil le daoine agus le grúpaí, agus iad a spreagadh
- Ceadúnas iomlán/glan tiomána agus teacht ar mhodh iompair
- Cumas bheith ag obair de réir spriocdhátaí teanna agus faoi bhrú
- Fianaise a léiriú go bhfuil tú muiníneach, féinspreagtha agus dírithe ar spriocanna
Inmhianaithe
- Cáilíocht, taithí nó tuiscint ar an phleanáil teanga
- Fianaise nó taithí ar chuid de na nithe seo a leanas:
-
- scríobh, ag aistriú agus ag profáil cáipéisí
- déanamh taighde agus suirbhéanna
- plé le cúrsaí cumarsáide agus margaíochta
- cruthú ábhar digiteach agus áiseanna ar líne
- eagrú agus bainistiú imeachtaí
- Fianaise a léiriú go bhfuil cumas bheith ag obair de réir spriocdhátaí teanna agus faoi bhrú
Rialachán Ginearálta um Chosaint Sonraí (RGCS)
Ar mhaithe lenár ndualgais a chomhlíonadh faoi RGCS tá sé riachtanach dúinn cúis dleathach a bheith againn do chuid sonraí pearsanta mar a bhaineann sé le d’iarratas a phróiseáil agus a stóráil.
Is cóir don iarrthóir a thuiscint go bhfuil leas dlisteanach ag Glór na nGael faoi reachtaíocht fostaíochta na sonraí seo a choimeád ar feadh tréimhse bliana.
Scriosfar na sonraí pearsanta seo nuair a théann an tréimhse ama sin in éag nó i gcás iarrthóir rathúil, coinnítear na sonraí pearsanta ar thaifead go dtí go gcríochnaíonn fostaíocht an fhostaí leis an eagraíocht.