Site logo

Gearrliosta Fógartha do Chomórtas Ghlór na nGael

Tá moltóirí do Chomórtas Ghlór na nGael tar éis cuairt a thabhairt ar breis is daichead coiste pobail atá páirteach sa chomórtas ó cheann ceann na tíre ó thús na míosa. Rinne na coistí seo cur i láthair ar a gcuid oibre do na moltóirí agus iad san iomaíocht sna catagóiri éagasúla de réir daonra an cheantair.

Ba léir do na moltóirí go bhfuil obair den scoth ar siúl ag na coistí seo agus iad ag dul ó neart go neart. Is fiú breis is €80,000 duaischiste Ghlór na nGael, bronnfar €20,000 atá urraithe ag an Roinn Ealaíon, Oidhreachta, Gnóthaí Reigiúnacha, Tuaithe agus Gaeltachta & Trófaí Fhoras na Gaeilge ar príomhbhuaiteoir an chomórtais.

Toisc gur comórtas atá ann tá ar na coistí atá ar an ngearrliosta le dul faoin dara moltóireacht agus iad san iomaíocht do phríomhdhuais Ghlór na nGael :

Rannóg le Daonra 4,000 – 20,000Cairde Teo., Co. Ard Mhacha

Rannóg le Daonra faoi 4,000 – Glór Charn Tóchair, Machaire Rátha, Co. Dhoire

Rannóg le Daonra ós cionn 20,000 – Cultúrlann McAdam Ó Fiaich, Beal Feirste

Rannóg Gaeltachta – Ionad Naomh Pádraig, Dobhar, Co. Dhún na nGall agus
Comharchumann Forbartha Chorca Dhuibhne, Baile an Fheirtéaraigh, Co. Chiarraí

Beidh an 2ú Moltoireacht ag tús mí na Samhna. Gach rath orthu uilig!